This is your chance to talk now. Pretend you’re Róisín and that you’re talking to Ciara.
Seo seans duitse a bheith ag caint anois. Lig ort féin gur tusa Róisín agus go bhfuil tú ag caint le Ciara.
Tip for users: Try saying the Irish version of the sentences which appear in bold after “Say:” below. As you do the exercise, check your answers in two ways: (1) click on the plus sign which appears at the end of the sentence and (2) click on the play button on the right-hand side.
Say:
I had a great weekend, I have to say.
Bhí deireadh seachtaine iontach agam, caithfidh mé a rá.
Ciara:
Cén fáth?
Why?
Say:
I went out to dinner on Saturday night with that man, David, that I met last month.
Chuaigh mé amach chuig dinnéar oíche Dé Sathairn leis an bhfear sin, David, ar chas mé leis an mhí seo caite.
Ciara:
Dáiríre! An raibh am deas agaibh?
Really! Did you have a nice time?
Say:
Yes. We had a very nice time.
Bhí. Bhí am an-deas againn.
Ciara:
Cén áit a ndeachaigh sibh?
Where did you go?
Say:
We went to that new Indian restaurant beside the library.
Chuamar go dtí an bhialann nua Indiach sin in aice leis an leabharlann.
Ciara:
Ó, is ea. An raibh an bia go deas?
Oh, yes. Was the food nice?
Say:
Yes and the meal was very cheap. We stayed there until eleven, and then we had a few drinks.
Bhí agus bhí an béile an-saor. D’fhanamar ansin go dtí a haon déag, agus ansin bhí cúpla deoch againn.
Ciara:
Cén t-am a chuaigh tú abhaile?
What time did you go home?
Say:
I didn’t go home - I stayed with David.
Ní dheachaigh mé abhaile – d’fhan mé le David.
Ciara:
D’fhan tú thar oíche leis; is cailín dána thú!
You stayed with him overnight; you’re a bold girl!