Conversation 3

Róisín tells her friend Ciara about her romantic weekend.

Tip for users: Listen to this conversation first without looking at the transcript to see how much of the speech you’ll understand. After that, listen to it with the transcript in front of you and, lastly, look at the English translation by clicking on the “Show subtitles” link above.






Róisín:Bhí deireadh seachtaine iontach agam, caithfidh mé a rá.




Ciara:Cén fáth?




Róisín:Chuaigh mé amach chuig dinnéar oíche Dé Sathairn leis an bhfear sin, David, ar chas mé leis an mhí seo caite.




Ciara:Dáiríre! An raibh am deas agaibh?




Róisín:Bhí. Bhí am an-deas againn.




Ciara:Cén áit a ndeachaigh sibh?




Róisín:Chuamar go dtí an bhialann nua Indiach sin in aice leis an leabharlann.




Ciara:Ó, is ea. An raibh an bia go deas?




Róisín:Bhí agus bhí an béile an-saor. D’fhanamar ansin go dtí a haon déag, agus ansin bhí cúpla deoch againn.




Ciara:Cén t-am a chuaigh tú abhaile?




Róisín:Ní dheachaigh mé abhaile – d’fhan mé le David.




Ciara:D’fhan tú thar oíche leis; is cailín dána thú!