Conversation 2

Rónán now tells Máirín what he got up to at the weekend.

Tip for users: Listen to this conversation first without looking at the transcript to see how much of the speech you’ll understand. After that, listen to it with the transcript in front of you and, lastly, look at the English translation by clicking on the “Show subtitles” link above.






Máirín:Cad a rinne tú féin ag an deireadh seachtaine?




Rónán:Ní dhearna mé mórán – bhí deireadh seachtaine leisciúil agam. D’fhan mé sa bhaile oíche Dé hAoine agus d’fhéach mé ar an “Late Late Show” agus ar scannán.




Máirín:An raibh an “Late Late” go maith?




Rónán:Ní raibh – bhí sé an-leadránach.




Máirín:An ndearna tú aon rud suimiúil Dé Sathairn?




Rónán:Ní dhearna, dáiríre. D’fhan mé sa leaba go dtí a haon déag agus ansin ghlan mé an teach ar feadh cúpla uair an chloig.




Máirín:An ndeachaigh tú amach oíche Dé Sathairn?




Rónán:Bhí cúpla deoch agam le Greg – sin an méid. Agus chaith mé an chuid is mó den lá inné sa bhaile.




Máirín:Tá tú ag éirí an-chiallmhar! Róchiallmhar, b’fhéidir!