Cad a rinne tú ag an deireadh seachtaine?
What did you do at the weekend?
Chuaigh mé go Gaillimh.
I went to Galway.
Chuaigh mé abhaile go Port Láirge.
I went home to Waterford.
Thug mé cuairt ar Nóra.
I visited Nóra.
Bhí mé ag staidéar.
I was studying.
Bhí mé ag obair Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.
I was working on Saturday and Sunday.
Bhí am iontach agam.
I had a great time.
Bhí an-spraoi againn.
We had a lot of fun.
Bhí oíche go maidin agam.
I had a late night.
Bhí an-oíche againn.
We had a great night.
Ní dhearna mé faic – bhí mé an-tuirseach.
I did nothing - I was very tired.
Bhí deireadh seachtaine ciúin go leor agam. Bhí mé traochta.
I had a quiet enough weekend. I was exhausted.
Bhí mé an-ghnóthach ar fad.
I was really busy.
D’fhan mé sa leaba go dtí meán lae Dé Domhnaigh.
I stayed in bed until midday on Sunday.
An ndeachaigh tú amach ag an deireadh seachtaine?
Did you go out at the weekend?
Chuaigh. / Ní dheachaigh.
Yes. / No.
Cad a rinne tú oíche Dé Sathairn?
What did you do on Saturday night?
Chuaigh mé chuig scannán le Liz.
I went to a film with Liz.
Bhí cúpla deoch agam le Mícheál.
I had a few drinks with Mícheál.
Cad a rinne tú maidin Dé Domhnaigh?
What did you do on Sunday morning?
Chuaigh mé ar shiúlóid le Chris.
I went on a walk with Chris.
Chuaigh mé chuig dráma oíche Dé Domhnaigh.
I went to a play on Sunday night.
oíche Dé hAoine
Friday night
maidin Dé Sathairn
Saturday morning
tráthnóna Dé Sathairn
Saturday evening
Bhí an aimsir go hálainn.
The weather was lovely.
Bhí aimsir mhaith ann.
The weather was good.
Bhí drochaimsir ann.
The weather was bad.
Bhí sé te.
It was warm / hot.
Bhí sé fuar.
It was cold.
Bhí sé fliuch.
It was wet.
Bhí sé ag stealladh báistí.
It was pouring rain.