This is your chance to talk now. Pretend you’re Máirín and that you’re talking to Rónán.
Seo seans duitse a bheith ag caint anois. Lig ort féin gur tusa Máirín agus go bhfuil tú ag caint le Rónán.
Tip for users: Try saying the Irish version of the sentences which appear in bold after “Say:” below. As you do the exercise, check your answers in two ways: (1) click on the plus sign which appears at the end of the sentence and (2) click on the play button on the right-hand side.
Say:
What did you do yourself at the weekend?
Cad a rinne tú féin ag an deireadh seachtaine?
Rónán:
Ní dhearna mé mórán – bhí deireadh seachtaine leisciúil agam. D’fhan mé sa bhaile oíche Dé hAoine agus d’fhéach mé ar an “Late Late Show” agus ar scannán.
I didn’t do much - I had a lazy weekend. I stayed at home on Friday night and I watched the “Late Late Show” and a film.
Say:
Was the “Late Late” good?
An raibh an “Late Late” go maith?
Rónán:
Ní raibh – bhí sé an-leadránach.
No - it was very boring.
Say:
Did you do anything interesting on Saturday?
An ndearna tú aon rud suimiúil Dé Sathairn?
Rónán:
Ní dhearna, dáiríre. D’fhan mé sa leaba go dtí a haon déag agus ansin ghlan mé an teach ar feadh cúpla uair an chloig.
No, not really. I stayed in bed until eleven and then I cleaned the house for a few hours.
Say:
Did you go out on Saturday night?
An ndeachaigh tú amach oíche Dé Sathairn?
Rónán:
Bhí cúpla deoch agam le Greg – sin an méid. Agus chaith mé an chuid is mó den lá inné sa bhaile.
I had a few drinks with Greg - that’s all. And I spent most of the day yesterday at home.
Say:
Tá tú ag éirí an-chiallmhar! Róchiallmhar, b’fhéidir!
You’re getting very sensible! Too sensible, maybe!