Conversation 1

Máirín tells Rónán about her weekend.

Tip for users: Listen to this conversation first without looking at the transcript to see how much of the speech you’ll understand. After that, listen to it with the transcript in front of you and, lastly, look at the English translation by clicking on the “Show subtitles” link above.






Rónán:An ndeachaigh tú amach mórán ag an deireadh seachtaine?




Máirín: Chuaigh. Bhí deireadh seachtaine iontach agam.




Rónán:Cad a rinne tú?




Máirín: Bhuel, chuaigh mé féin agus Susie chuig scannán oíche Dé hAoine agus bhí dinnéar agam le Máirtín oíche Dé Sathairn.




Rónán:Bhí dinnéar agat le Máirtín! Ach shíl mé nach raibh tú ag siúl amach leisean níos mó.




Máirín: Níl ach táimid fós an-chairdiúil le chéile. Réitímid go maith le chéile.




Rónán:Tá sin go hiontach. Agus cad a rinne tú inné?




Máirín: Chuaigh mé féin agus Bairbre ar shiúlóid fhada cois farraige ar maidin agus chaitheamar an tráthnóna ag siopadóireacht.




Rónán:Bhí sé an-fhuar inné, nach raibh?




Máirín: Bhí agus bhí báisteach throm ann tar éis am lóin.