This is your chance to talk now. Pretend you’re Rónán and that you’re talking to Máirín.
Seo seans duitse a bheith ag caint anois. Lig ort féin gur tusa Rónán agus go bhfuil tú ag caint le Máirín.
Tip for users: Try saying the Irish version of the sentences which appear in bold after “Say:” below. As you do the exercise, check your answers in two ways: (1) click on the plus sign which appears at the end of the sentence and (2) click on the play button on the right-hand side.
Say:
Did you go out much at the weekend?
An ndeachaigh tú amach mórán ag an deireadh seachtaine?
Máirín:
Chuaigh. Bhí deireadh seachtaine iontach agam.
Yes. I had a great weekend.
Say:
What did you do?
Cad a rinne tú?
Máirín:
Bhuel, chuaigh mé féin agus Susie chuig scannán oíche Dé hAoine agus bhí dinnéar agam le Máirtín oíche Dé Sathairn.
Well, Susie and I went to a film on Friday night and I had dinner with Máirtín on Saturday night.
Say:
You had dinner with Máirtín! But I thought you weren’t going out with him anymore.
Bhí dinnéar agat le Máirtín! Ach shíl mé nach raibh tú ag siúl amach leisean níos mó.
Máirín:
Níl ach táimid fós an-chairdiúil le chéile. Réitímid go maith le chéile.
No but we’re still very friendly with each other. We get on well together.
Say:
That’s great. And what did you do yesterday?
Tá sin go hiontach. Agus cad a rinne tú inné?
Máirín:
Chuaigh mé féin agus Bairbre ar shiúlóid fhada cois farraige ar maidin agus chaitheamar an tráthnóna ag siopadóireacht.
Bairbre and I went on a long walk by the sea in the morning and we spent the evening shopping.