Social Events and Invitations / Ócáidí Sóisialta agus Cuirí
In this unit you will learn how to:
San aonad seo foghlaimeoidh tú conas:
- ask someone if he’ll be free and answer that question
ceist a chur ar dhuine an mbeidh sé saor agus an cheist sin a fhreagairt
- refer to various events
tagairt a dhéanamh d’ócáidí éagsúla
- ask someone if he’ll be attending a particular event and answer that question
ceist a chur ar dhuine an mbeidh sé ag freastal ar ócáid ar leith agus an cheist sin a fhreagairt
- ask when something will be taking place and answer that question
ceist a chur cathain a bheidh rud éigin ar siúl agus an cheist sin a fhreagairt
- give someone an invitation
cuireadh a thabhairt do dhuine
- accept and reject an invitation
glacadh le cuireadh agus diúltú do chuireadh
- apologise
leithscéal a ghabháil
- arrange a time
am a shocrú
- arrange a place.
áit a shocrú.