Conversation 1

Daithí invites Máirín to dinner but she’s not too enthusiastic about spending time with him.

Tip for users: Listen to this conversation first without looking at the transcript to see how much of the speech you’ll understand. After that, listen to it with the transcript in front of you and, lastly, look at the English translation by clicking on the “Show subtitles” link above.






Daithí:Hi, a Mháirín. An bhfuil tú go maith?




Máirín: Tá mé go breá. Conas atá cúrsaí leatsa?




Daithí:Á, maith go leor. Tá mé faoi bhrú san obair an tseachtain seo ach seachas sin tá mé ceart go leor.




Máirín: Is maith sin.




Daithí:An mbeidh tú saor oíche Dé hAoine?




Máirín: Níl mé cinnte faoi láthair. Cén fáth?




Daithí:Ar mhaith leat dul chuig dinnéar liom sa bhialann nua Iodálach sin?




Máirín: Ba bhreá liom ach tá seans go mbeidh mé ag obair déanach.




Daithí:Ag obair déanach! Ach is múinteoir bunscoile thú!




Máirín: Tá a fhios agam ach beidh … tá ...




Daithí:Mura bhfuil suim agat dul chuig dinnéar liom, abair amach díreach é.




Máirín: Maith go leor. B’fhearr liom gan dul amach leat. Níl suim ar bith agam ionat.