Conversation 3

At coffee break in the office, Áine invites Peadar to go to a play in the Town Hall Theatre.

Tip for users: Listen to this conversation first without looking at the transcript to see how much of the speech you’ll understand. After that, listen to it with the transcript in front of you and, lastly, look at the English translation by clicking on the “Show subtitles” link above.






Áine:A Pheadair, an mbeidh tú saor oíche Dé hAoine?




Peadar:Beidh, sílim. Cén fáth?




Áine:Tá mé féin agus Deirdre ag dul chuig an dráma nua sin in Amharclann na Cathrach. Ar mhaith leat dul linn? Gheobhaidh mise ticéad duit amárach.




Peadar:Ba bhreá liom. Cén t-am a bheidh sé ag tosú?




Áine:Ag a hocht a chlog.




Peadar:Tá sin go breá. Cén áit a mbuailfidh mé libh?




Áine:An bhfuil a fhios agat an teach tábhairne sin díreach in aice leis an amharclann?




Peadar:Tá a fhios.




Áine:Buailfimid leat ansin ag leathuair tar éis a seacht. Ceart go leor?




Peadar:Tá sin go hiontach. Go raibh maith agat as an gcuireadh.