Conversation 2

Niamh and Regina bump into each other on the street.

Tip for users: Listen to this conversation first without looking at the transcript to see how much of the speech you’ll understand. After that, listen to it with the transcript in front of you and, lastly, look at the English translation by clicking on the “Show subtitles” link above.






Niamh:Cén chaoi a bhfuil tú, a Regina?




Regina:Go maith, go raibh maith agat. Agus tú féin?




Niamh:Go breá. Tá lá breá ann, nach bhfuil?




Regina:Tá, tá sé go haoibhinn ar fad. Tá sé an-te le cúpla lá anuas.




Niamh:Tá. Is breá liom aimsir mar seo.




Regina:Ar mhaith leat cupán sciobtha caife a bheith agat liom?




Niamh:Ba bhreá liom ach caithfidh mé Cáit a bhailiú ón scoil i gceann leathuaire. Tá brón orm.




Regina:Ná bí buartha – am éigin eile.




Niamh:Ar mhaith leat lón a bheith agat liom, abair Dé hAoine?




Regina:Cinnte – beidh mé saor an lá sin. Cén t-am a bhuailfimid le chéile?




Niamh:Abair, leathuair tar éis a dó dhéag.




Regina:Agus cén áit?




Niamh:Céard faoin mbialann sin thuas staighre san ionad siopadóireachta?




Regina:Go breá. Feicfidh mé ansin thú. Slán go fóill.




Niamh:Beidh mé ag caint leat Dé hAoine.