Ar mhaith leat dul chuig scannán liom oíche Dé Sathairn?
Would you like to go to a film with me on Saturday night?
Ba bhreá liom.
I’d love to.
Tá brón orm ach ní bheidh mé saor.
I’m sorry but I won’t be free.
An mbeidh tú saor san oíche amárach?
Will you be free tomorrow night?
Beidh. Cén fáth?
Yes. Why?
Ní bheidh. Beidh mé ag obair.
No. I’ll be working.
Tá cóisir ag Lisa agus Vincent.
Lisa and Vincent are having a party.
Tá dinnéar i dtigh Susan.
There’s a dinner at Susan’s house.
Tá ceolchoirm mhaith ar siúl san Odeon.
There’s a good concert on in the Odeon.
An mbeidh tú ag cóisir Lucy?
Will you be at Lucy’s party?
Beidh. Tá mé ag súil go mór leis.
Yes. I’m really looking forward to it.
An mbeidh tú ag dinnéar Helen?
Will you be at Helen’s dinner?
Ní bheidh. Tá mé gafa an oíche sin.
No. I’m busy that night.
Cathain a bheidh sé ar siúl?
When will it be taking place?
San oíche amárach.
Tomorrow night.
Arú amárach.
The day after tomorrow.
Dé hAoine seo chugainn.
Next Friday.
Dé Sathairn ag a hocht.
Saturday at eight.
An mhí seo chugainn.
Next month.
Dé Luain
Monday
Dé Máirt
Tuesday
Dé Céadaoin
Wednesday
Déardaoin
Thursday
Dé hAoine
Friday
Dé Sathairn
Saturday
Dé Domhnaigh
Sunday
Lá breithe sona duit!
Happy birthday!
Go raibh maith agat as an mbronntanas.
Thank you for the present.
Go ndéana a mhaith duit.
You’re welcome.
Nollaig shona duit.
Happy Christmas to you. (addressing one person)
Nollaig shona daoibh.
Happy Christmas to you. (addressing more than one person)
Athbhliain faoi mhaise duit.
Happy New Year. (addressing one person)
Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh.
A happy and prosperous New Year. (addressing more than one person)
Gurab amhlaidh duit.
Same to you.
Go maire sibh bhur nuacht.
Congratulations.