Conversation 2

Martina now tells Sinéad about a man she met recently who’s really fond of her.

Tip for users: Listen to this conversation first without looking at the transcript to see how much of the speech you’ll understand. After that, listen to it with the transcript in front of you and, lastly, look at the English translation by clicking on the “Show subtitles” link above.






Sinéad:Cén chaoi a bhfuil cúrsaí grá leat féin?




Martina:Cuibheasach. Tá a fhios agat an fear sin ar bhuail mé leis an mhí seo caite?




Sinéad:Tony?




Martina:Is ea. Tá sé ag cur téacsanna chugam gan stop.




Sinéad:Agus?




Martina:Níl mórán suime agam ann – tá sé cineál leadránach.




Sinéad:Ach is fear deas é.




Martina:Tá sé cineál dáiríre freisin. Chuir sé na téacsanna seo chugam aréir: “Tá mé go mór i ngrá leat, a stór.”; “Bím ag smaoineamh ort gan stop.”; “Is tú grá geal mo chroí.”




Sinéad:An fear bocht. Is léir go bhfuil sé dúnta i ngrá leat. Ach fan go gcuirfidh sé aithne mhaith ort!