Conversation 1

Sinéad tells Martina about her new boyfriend.

Tip for users: Listen to this conversation first without looking at the transcript to see how much of the speech you’ll understand. After that, listen to it with the transcript in front of you and, lastly, look at the English translation by clicking on the “Show subtitles” link above.






Martina:Cén fhad atá tú ag siúl amach le Brian?




Sinéad:Le trí mhí anois.




Martina:Tá tú an-tógtha leis, nach bhfuil?




Sinéad:Tá, tá mo chroí istigh ann.




Martina:Cén fáth?




Sinéad:Is fear iontach é! Tá sé cineálta agus cairdiúil. Tá sé an-suimiúil agus thar a bheith cliste. Agus níl sé pósta!




Martina:Is mór an faoiseamh é sin! Cén áit ar bhuail sibh le chéile?




Sinéad:Ag an Oireachtas i mí na Samhna. Tá an-suim aige sa Ghaeilge agus tá Fraincis líofa aige freisin.




Martina:An réitíonn sibh go maith le chéile?




Sinéad:Réitíonn, go han-mhaith. Tá caidreamh iontach eadrainn.




Martina:Tá an t-ádh leat. Tá mé go mór in éad leat!