Compound prepositions and the demonstrative adjectives

Nuair a úsáidtear aidiacht thaispeántach le réamhfhocal comhshuite, tagann athrú ar an réamhfhocal comhshuite.

Réamhfhocal comhshuite + seosin Réamhfhocal comhshuite + aidiacht thaispeántach
de bhrí+ seo/sindá bhrí seo/sin
de bharr+ seo/sindá bharr seo/sin
i ndiaidh+ seo/sinina dhiaidh seo/sin
le linn+ seo/sinlena linn seo/sin

Tabhair faoi deara gurb é an tríú pearsa uatha firinscneach den aidiacht shealbhach a úsáidtear.

bhrí sin

ina dhiaidh sin

Réamhfhocal comhshuite Réamhfhocal comhshuite + aidiacht thaispeántach
Ní bheidh aon ranganna ar siúl amárach de bhrí go mbeidh múinteoirí na scoile ar stailc. Beidh múinteoirí na scoile ar stailc amárach. Dá bhrí sin, ní bheidh aon ranganna ar siúl.
Shiúil Sinéad abhaile d’ainneoin go raibh sé ag cur báistí go trom. Bhí sé ag cur báistí go trom. Dá ainneoin sin, shiúil Sinéad abhaile.
Ní fhaca sé í oiread agus uair amháin le linn na seachtaine a chaith sé sa cheantar. Chaith sé seachtain sa cheantar. Lena linn sin, ní fhaca sé í oiread agus uair amháin.
Compound prepositions and the demonstrative adjectives