Simple prepositions and the demonstrative adjectives

Is é an tríú pearsa firinscneach den réamhfhocal (e.g. air, leis, aige) a úsáidtear leis na haidiachtaí taispeántacha, seachas an bunleagan den réamhfhocal (e.g. ar, le, ag).

Ceart Mícheart
Anuas air sin ... *Anuas ar sin ...
Chomh maith leis sin ... *Chomh maith le sin ...
Tá tionchar aige sin ar an scéal ... *Tá tionchar ag sin ar an scéal ...

Seo thíos liosta de na leaganacha de na réamhfhocail a úsáidtear leis na haidiachtaí taispeántacha seo agus sin.

Bunleagan den réamhfhocal + seosin An tríú pearsa firinscneach den réamhfhocal
ag+ seo/sinaige seo/sin
ar+ seo/sinair seo/sin
as+ seo/sinas seo/sin
chuig+ seo/sinchuige seo/sin
de+ seo/sinde seo/sin
do+ seo/sindó seo/sin
faoi+ seo/sinfaoi seo/sin
le+ seo/sinleis seo/sin
ó+ seo/sinuaidh seo/sin
roimh+ seo/sinroimhe seo/sin
thar+ seo/sinthairis seo/sin
trí+ seo/sintríd seo/sin
Simple prepositions and the demonstrative adjectives