Attributive adjectives vs predictive adjectives

Is aidiachtaí aitreabúideacha iad na haidiachtaí atá feicthe againn go dtí seo san aonad seo: aidiachtaí a cháilíonn ainmfhocail go díreach. Mar a dúradh cheana, réitíonn an cineál seo aidiachta leis an ainmfhocal de réir tuisil, inscne agus uimhreach.

Léigh mé leabhar suimiúil. (ainmfhocal firinscneach + aidiacht)

Léigh mé iris shuimiúil. (ainmfhocal baininscneach + aidiacht)

Léigh mé leabhair shuimiúla. (ainmfhocal iolra + aidiacht)

Aidiachtaí faisnéiseacha a thugtar ar aidiachtaí a cháilíonn ainmfhocail go hindíreach. Baintear úsáid as briathar chun an cineál seo aidiachta a nascadh le hainmfhocal nó le forainm, agus ní réitíonn siad leis an ainmfhocal de réir inscne ná uimhreach.

Tá an leabhar sin suimiúil.

Tá an iris sin suimiúil.

Tá na leabhair sin suimiúil.

Má chuireann an t‑idirdhealú sin idir ainmfhocal atá á cháiliú go díreach agus ainmfhocal atá á cháiliú go hindíreach mearbhall ort, an rud is fusa ná smaoineamh faoin abairt i mBéarla:

  • Mura dtagann briathar idir an t‑ainmfhocal agus an aidiacht sa Bhéarla, aidiacht aitreabúideach atá ann, seachas aidiacht fhaisnéiseach, agus réiteoidh an aidiacht leis an ainmfhocal.
  • Má thagann briathar idir an t‑ainmfhocal agus an aidiacht sa Bhéarla, aidiacht fhaisnéiseach atá ann, seachas aidiacht aitreabúideach, agus ní réiteoidh an aidiacht leis an ainmfhocal.
Aidiachtaí aitreabúideacha Aidiachtaí faisnéiseacha
Léigh mé leabhar suimiúil.
I read an interesting book.
Tá an leabhar sin suimiúil.
That book is interesting.
Léigh mé iris shuimiúil.
I read an interesting magazine.
Tá an iris sin suimiúil.
That magazine is interesting.
Léigh mé leabhair shuimiúla.
I read interesting books.
Tá na leabhair sin suimiúil.
Those books are interesting.
Tabhair faoi deara nach bhfuil briathar idir na hainmfhocail agus na haidiachtaí sna habairtí Béarla thuas. Tá na haidiachtaí ag cáiliú na n‑ainmfhocal go díreach, mar sin sna leaganacha Gaeilge réitíonn na haidiachtaí leis na hainmfhocail de réir inscne agus uimhreach. Tabhair faoi deara go bhfuil briathar idir na hainmfhocail agus na haidiachtaí sna habairtí Béarla thuas. Tá na haidiachtaí ag cáiliú na n‑ainmfhocal go hindíreach, mar sin sna leaganacha Gaeilge ní réitíonn na haidiachtaí leis na hainmfhocail de réir inscne ná uimhreach.
Attributive adjectives vs predictive adjectives