Séimhítear ainmfhocal éiginnte dar tús b, c, g, m nó p i ndiaidh ainmfhocail iolra a chríochnaíonn ar chonsan caol.
Indefinite nouns beginning with b, c, g, m or p that follow plural nouns ending in a slender consonant are lenited.
fir bheáir
bar men
báid chanála
canal boats
Ní shéimhítear ainmfhocal éiginnte dar tús d, s ná t i ndiaidh ainmfhocal iolra a chríochnaíonn ar d, n, t, l nó s caol.
Indefinite nouns beginning with d, s or t that follow plural nouns ending in a slender d, n, t, l or s are not lenited.
báid seoil
sailing boats
eastáit tithíochta
housing estates
cumainn trádála
trade associations
Ní shéimhítear ainmfhocal dar tús f i ndiaidh ainmfhocail iolra a chríochnaíonn ar chonsan caol.
Nouns beginning with f that follow plural nouns ending in a slender consonant are not lenited.
comhaid fuaime
sound files
beithígh feirme
farm animals