The adjective in the singular

Réitíonn an aidiacht leis an ainmfhocal de réir tuisil, inscne agus uimhreach. Séimhítear aidiacht a cháilíonn ainmfhocal baininscneach sa tuiseal ainmneach, cuspóireach agus gairmeach uatha.

Ainmfhocal firinscneach + aidiacht Ainmfhocal baininscneach + aidiacht
lá maith oíche mhaith
cúrsa deacair obair dheacair


An aidiacht i ndiaidh réamhfhocail shimplí + an t‑alt + ainmfhocal

Ainmfhocal firinscneach Ainmfhocal baininscneach
ar an lá deireanach ar an oíche dheireanach
chuig an bhfear bocht chuig an mbean bhocht

Nóta

I nGaeilge Uladh, séimhítear aidiacht a leanann ainmfhocal firinscneach a bhfuil réamhfhocal simplí agus an t‑alt ag teacht roimhe.

ar an lá dheireanach

chuig an fhear bhocht



D, n t, l, s

Nuair a thagann na litreacha d, n, t, l, s le chéile ag deireadh ainmfhocail bhaininscnigh agus ag tús aidiachta, bíonn séimhiú fós i gceist.

bialann Shíneach

bean dheas

The adjective in the singular