Lenition on adjectives in the plural

shéimhítear aidiacht san uimhir iolra de ghnáth.

Uimhir uatha Uimhir iolra
scrúdú deacair scrúduithe deacra
bialann dheas bialanna deasa

Séimhítear aidiacht san iolra, áfach, nuair a leanann sí ainmfhocal a chríochnaíonn ar chonsan caol.

Bíonn míthuiscint ann go minic faoi cad is consan caol ann. Ceapann daoine, mar shampla, gur consan caol é ag deireadh ainmfhocail agus, dá bhrí sin, cuireann siad séimhiú ar fhocal a leanann san uimhir iolra.

Seo samplaí d’ainmfhocail san iolra agus consan caol ag a ndeireadh: mic, bailéid, teaghlaigh, scannail

na teaghlaigh bheaga

fir dheasa

Bíonn an riail thuas i gceist fiú nuair a bhíonn na litreacha d, n, t, l, s ag teacht le chéile ag deireadh an ainmfhocail agus ag tús an haidiachta.

turais dheacra

amhráin dheasa

Nuair a bhíonn uimhir idir 2 agus 19 roimh ainmfhocal + aidiacht, cuirtear an aidiacht san uimhir iolra agus séimhítear í.

trí chathaoir ghorma

seacht mbuidéal ghlasa

Lenition on adjectives in the plural