Má bhíonn an t-ainmfhocal san uimhir iolra, caithfidh an aidiacht a bheith san iolra chomh maith.
Uimhir uatha Uimhir iolra ceist dheacair ceisteanna deacra
Seo thíos an tslí a gcuirtear na cineálacha éagsúla aidiachta san uimhir iolra.
Uimhir uatha | Uimhir iolra | ||
Cuirtear ... | -a le haidiacht a chríochnaíonn ar chonsan leathan san uimhir uatha | teach mór | tithe móra |
-e le haidiacht a chríochnaíonn ar chonsan caol san uimhir uatha | guth binn | guthanna binne | |
Athraíonn ... | -úil go -úla | duine suimiúil | daoine suimiúla |
-air go -ra | lá deacair | laethanta deacra | |
Ní athraíonn ... | aidiacht a chríochnaíonn ar ghuta san uimhir uatha | cóta buí | cótaí buí |
Eisceachtaí: breá agus te | Athraíonn te go teo san iolra agus athraíonn breá go breátha | oíche the duine breá | oícheanta teo daoine breátha |