Conversation 2

Louise and Oliver are having a meal in an Indian restaurant and are discussing the food they’re eating.

Tip for users: Listen to this conversation first without looking at the transcript to see how much of the speech you’ll understand. After that, listen to it with the transcript in front of you and, lastly, look at the English translation by clicking on the “Show subtitles” link above.






Louise:Cuir chugam an salann agus an piobar, le do thoil.




Cuireann sé an piobar agus an salann chuici.
Louise:Go raibh maith agat.




Oliver:An bhfuil an sicín go deas?




Louise:Tá sé an-bhlasta agus breá spíosrach. Cad faoi do bhéile féin?




Oliver:Tá sé deas go leor ach tá an t-anlann an-saibhir agus rud beag milis.




Louise:Ó, dáiríre? Ar mhaith leat tuilleadh den arán naan?




Oliver:Níor mhaith go raibh maith agat – tá mé ag éirí lán. Ach sílim go mbeidh milseog agam, mar sin féin!




Louise:Ar mhaith leat tuilleadh fíona?




Oliver:Tá mo sháith agam – braithim rud beag súgach!




Louise:Ach an Aoine atá ann – ní gá dúinn éirí ar maidin.




Oliver:Tá an ceart agat! Beidh gloine amháin eile agam. Ach cuirfidh mé an milleán ortsa má bhíonn póit orm ar maidin!