Useful Phrases

Listen to these useful phrases and then try to say them yourself.






Tá ocras orm.






Tá mé stiúgtha leis an ocras.






Tá tart orm.






An bhfuil ocras ort? Tá.






An bhfuil tart ort? Níl.






Ar mhaith leat tae nó caife?






Cupán caife, le do thoil.






An dtógann tú siúcra? Dhá spúnóg, le do thoil.






Ní thógaim. Braon bainne, go díreach.






Ithim gach cineál bia.






Ní ithim feoil. Is veigeatóir mé.






Ní ithim bia mara.






Ólaim fíon geal.






Ní ólaim fíon dearg.






An itheann tú iasc? Ithim.






An itheann tú feoil? Ní ithim.






An ólann tú fíon dearg? Ólaim.






Is maith liom bia Francach.






Is breá liom bia Meicsiceach.






Is breá liom bia Iodálach.






Ní maith liom bia Síneach.






Ní maith liom bia Spáinneach.






Ceapaim go bhfuil bia Seapánach go deas.






An maith leat bia Indiach? Is maith./Ní maith.






Is breá liom é.






Ceapaim go bhfuil sé go deas.






An bhfuil do bhéile go deas?






Tá sé an-spíosrach ach an-deas.






Tá sé an-bhlasta ach rud beag fuar.






Tá sé deas úr.






Tá an t-anraith seo an-te.






Tá an mhilseog seo an-mhilis.






Tá sé róthe.






Tá sé rómhilis.






Cad ba mhaith leat?






Beidh pionta agam, le do thoil.






Beidh gloine fíona agam.






An mbeidh deoch agat?






Ní bheidh, go raibh maith agat. Tá mé ag tiomáint.






Uisce mianraí, le do thoil.






Fíon dearg, sú oráiste agus cupán caife, le do thoil.






Cuir chugam an t-im, le do thoil.






Cuir chugam an siúcra, a Bhríd.






Cuir chugam an salann agus an piobar, le do thoil.