Conversation 2

Aoife and Breandán meet at the beginning of an Irish language course in Oideas Gael in Donegal.

Tip for users: Listen to this conversation first without looking at the transcript to see how much of the speech you’ll understand. After that, listen to it with the transcript in front of you and, lastly, look at the English translation by clicking on the “Show subtitles” link above.






Aoife:Cén chaoi a bhfuil tú? Is mise Aoife. Cén t-ainm atá ortsa?




Breandán:Breandán. Breandán Ó Dálaigh.




Aoife:Tá sé go deas bualadh leat, a Bhreandáin.




Breandán:Tá sé go deas bualadh leatsa freisin. Cé as thú, a Aoife?




Aoife:As Gaillimh. Cé as thú féin?




Breandán:As Tiobraid Árann ó dhúchas mé ach tá mé i mo chónaí i Luimneach anois le cúig bliana anuas. An bhfuil tú féin i do chónaí i nGaillimh go fóill?




Aoife:Tá. Rugadh agus tógadh in Órán Mór mé ach tá mé i mo chónaí i lár na cathrach le trí bliana anois.




Breandán:An bhfuil tú ag súil leis an gcúrsa seo?




Aoife:Ó, tá. Tá sé blianta fada ó labhair mé Gaeilge ach tá súil agam go dtiocfaidh sí ar ais chugam tar éis cúpla rang!