Anois, beidh seans agat éisteacht le roinnt ceisteanna agus freagraí samplacha a bhaineann le laethanta saoire agus taisteal.
Now you’ll have an opportunity to listen to some sample questions and answers relating to holidays and travel.
1. Déan iarracht na freagraí a léamh os ard ar dtús gan féachaint ar an aistriúchán Béarla. Bí cúramach agus tú ag fuaimniú na litreacha atá i gcló dorcha.
Try to read the answers out loud first of all without reading the English translation. Be careful when you pronounce the letters in bold font.
2. Léigh na freagraí an dara huair agus féach ar an aistriúchán Béarla i gcás na leaganacha nach dtuigfidh tú.
Read the answers a second time and look at the English translation in the case of phrases you don’t understand.
3. Éist leis an taifeadadh ansin agus bí ag léamh na bhfreagraí ag an am céanna.
Then, listen to the recording and read the answers at the same time.
4. Tar éis duit éisteacht leis cúpla uair, abair na focail ansin ag an am céanna leis an duine ar an taifeadadh. Ná stop an taifeadadh agus é seo á dhéanamh agat.
After listening a few times, read aloud with the person on the recording. Don’t stop the recording as you do this.
Freagra samplach 1
Sample answer 1
Agallóir:
An raibh tú riamh thar lear, a Shinéad?
Were you ever abroad, Sinéad?
Sinéad:
Bhí. Is breá liom bheith ag taisteal. Téim ar laethanta saoire le mo theaghlach i rith an tsamhraidh gach bliain, agus mar sin tá go leor tíortha feicthe agam.
Yes. I love travelling. I go on holidays with my family during the summer every year, so I’ve seen a lot of countries.
Agallóir:
Cén áit a ndeachaigh sibh anuraidh?
Where did you go last year?
Sinéad:
Chuamar go dtí an Ghearmáin agus thógamar teach ar cíos sa Bhaváir ar feadh coicíse. Tá an t‑aer sa Ghearmáin go deas úr, agus tá an tír an-ghlan ar fad. Thaitin sé go mór liom dul ar shiúlóidí agus a bheith ag rothaíocht sa cheantar.
We went to Germany and we rented a house in Bavaria for a fortnight. The air in Germany is nice and fresh and the country is extremely clean. I really enjoyed going on walks and cycling in the area.
Agallóir:
As na tíortha ar fad a raibh tú iontu go dtí seo, cén ceann is mó a thaitin leat?
Of all the countries you’ve been in so far, which one did you like best?
Sinéad:
Thaitin Meiriceá go mór liom. Tá gaolta agam i mBostún agus i Nua‑Eabhrac, agus thug mé féin agus mo theaghlach cuairt orthu dhá bhliain ó shin. Rinne mé go leor siopadóireachta mar go bhfuil na praghsanna i bhfad níos ísle ansin ná mar atá in Éirinn.
I really liked America. I have relations in Boston and in New York, and myself and my family visited them two years ago. I did lots of shopping because the prices are a lot lower there than they are in Ireland.
Freagra samplach 2
Sample answer 2
Agallóir:
As na tíortha ar fad a raibh tú iontu go dtí seo, a Phádraig, cé acu ceann is mó a thaitin leat?
Of all the countries you’ve been in so far, Pádraig, which one did you like best?
Pádraig:
Thaitin an Ungáir go mór liom. Bíonn féile mhór cheoil ar siúl ann gach samhradh. Maireann sí ar feadh seachtaine agus bíonn go leor imeachtaí éagsúla ar siúl - ceolchoirmeacha de gach sórt, taispeántais damhsa, drámaí agus mar sin de.
I really liked Hungary. There’s a big music festival held there every year. It lasts for a week and there are all sorts of events on - concerts of every type, dance exhibitions, plays and the likes.
Agallóir:
Cathain a chuaigh tú ansin?
When did you go there?
Pádraig:
Chuaigh mé ann an samhradh seo caite. Bhí cúpla cara de mo chuid in éineacht liom agus bhaineamar an‑sult as. Bhí an aimsir breá brothallach gach lá, agus b’éigean dom tumadh sa Danóib cúpla uair, bhí mé chomh te sin!
I went there last summer. A friend of mine was with me and we really enjoyed it. The weather was nice and sultry every day, and I had to dive into the Danube a couple of times, it was so hot!
Agallóir:
An ndearna sibh aon rud eile agus sibh san Ungáir?
Did you do anything else while you were in Hungary?
Pádraig:
Chaitheamar cúpla lá sa phríomhchathair, Búdaipeist, i ndiaidh na féile. Thaitin na tithe folctha poiblí go mór liom. Saoire den chéad scoth a bhí ann!
We spent a couple of days in the capital, Budapest, after the festival. I really liked the public baths. It was an excellent holiday!
Freagraí samplacha: Laethanta saoire agus taisteal