Tá an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh naíonáin shóisearacha agus shinsearacha. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí nach mbraitheann muiníneach agus iad ag labhairt na Gaeilge agus ar mian leo, dá bhrí sin, cur lena gcuid scileanna sa teanga. Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil do gach abairt Ghaeilge atá ann.
Cé go molaimid duit Gaeilge a úsáid i do chuid freagraí oiread agus is féidir, tá cead agat Béarla a úsáid más gá.
Is iad príomhchuspóirí an chúrsa ná:
Tábhachtach: Cé go bhfuil go leor samplaí de ghníomhaíochtaí cainte tugtha sa chúrsa agus go bhfuil go leor smaointe praiticiúla do ghníomhaíochtaí den chineál seo le fáil i bhfóram an chúrsa, is cúrsa teanga go príomha é ‘Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile’ seachas cúrsa modheolaíochta.
Is í Siobhán Patten a scríobh ábhar an chúrsa seo.
Tá cúig mhodúl sa chúrsa seo agus tá meascán de mhíniúchán, de stór focal úsáideach, de chomhráite agus de cheachtanna i gceist i ngach ceann acu.
Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat, is féidir leat an cnaipe ‘Seol’ a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil agus tabharfar scór duit.
Ag tús gach modúil, cuirfear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu sa mhodúl sin.
Chun bogadh ó scáileán go scáileán, níl le déanamh agat ach cliceáil ar na saigheada ‘Ar aghaidh’ ar thaobh na láimhe clé (le dul siar) nó ar thaobh na láimhe deise (le dul chun tosaigh). Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail PLEAN AN AONAID ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile sa mhodúl.
Ar an leathanach scoir, tabharfar léargas duit ar an obair a bheidh déanta agat sa mhodúl agus tabharfar scór iomlán duit. Tabharfar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad mhodúl eile, an modúl a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.
Cuirfear fóram ar fáil don chúrsa Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile. Is ar an bhfóram seo a thabharfaidh na múinteoirí freagra ar an gceist idirghníomhach ag deireadh gach modúil agus ar an gceist athmhachnamhach ag deireadh an chúrsa ar fad.
Lena chois sin, beidh deis acu siúd a bheidh cláraithe don chúrsa dul i dteagmháil leis na múinteoirí eile ar an bhfóram. Beidh siad in ann teachtaireachtaí a sheoladh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh.
Anois díreach!
Am ar bith ó thús mhí Iúil ar aghaidh. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 2 Iúil 2012 agus 24 Lúnasa 2012 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh.
Faoi 24 Lúnasa. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 2 Iúil 2012 agus 24 Lúnasa 2012 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh. I rith na tréimhse sin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cathain is mian leat staidéar a dhéanamh ar ábhar an chúrsa.
Beidh ort ábhar an mhodúil a léamh agus tabhairt faoi na cleachtaí idirghníomhacha go léir.
Nuair a bheidh an méid sin déanta agat, beidh ort an cheist idirghníomhach ag deireadh an mhodúil a fhreagairt ar fhóram an chúrsa.
Ag deireadh an chúrsa ar fad, ní mór duit an cheist athmhachnamhach a fhreagairt. Arís, beidh ort do fhreagra a chur ar an bhfóram.
Timpeall fiche uair an chloig.
Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.
Ní bheidh. Molaimid duit Gaeilge a úsáid i do chuid freagraí oiread agus is féidir, ach tá cead agat Béarla a úsáid más gá.
Scríobh ar an bhfóram í nó scríobh chuig éascaitheoir an chúrsa.
Má bhíonn aon deacrachtaí agat leis an suíomh, glaoigh ar Michelle ar (01) 484 5220, nó scríobh chuici ag michelle@gaelchultur.com.
Is féidir, cinnte! Ach de réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí ar líne, ní féidir le múinteoirí Saoire Phearsanta Bhreise a fháil ach i gcomhair cúrsa amháin.
Beidh an cúrsa críochnaithe agat nuair a bheidh:
- timpeall 20 uair an chloig caite agat ag obair ar ábhar an chúrsa;
- freagraí tugtha agat ar na cúig cheist idirghníomhacha agus ar an gceist athmhachnamhach;
- éascaitheoir an chúrsa sásta go bhfuil caighdeán ard go leor ag baint le do chuid oibre;
Gheobhaidh tú do theastas agus taifead ar d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach taobh istigh de lá nó dhó tar éis duit an cúrsa a chríochnú. Tógann sé tamaillín na freagraí a thiomsú, agus an teastas agus an taifead a ullmhú.