Séimhítear na consain (seachas d, t, s) tar éis an-.
The consonants (except d, t, s) are lenited after an-.
maith good | an-mhaith very good |
mór big | an-mhór very big |
fada long | an-fhada very long |
óg young | an-óg very young |
aosta old | an-aosta very old |
amaideach foolish | an-amaideach very foolish |
Bíonn fleiscín i gcónaí tar éis an-.
There is always a hyphen after an-.
Séimhítear consain a leanann ró-.
Consonants which follow ró- are lenited.
mór big | rómhór too big |
deas nice | ródheas too nice |
saibhir rich | róshaibhir too rich |
óg young | ró-óg too young |
aosta old | ró-aosta too old |
amaideach foolish | ró-amaideach too foolish |
Tabhair faoi deara go mbíonn fleiscín idir ró- agus guta i gcónaí; ní bhíonn fleiscín idir ró- agus consan de ghnáth.
Notice that there is always a hyphen between ró- and a vowel; there is usually no hyphen between ró- and a consonant.
Achoimre
Summary
An réimír an-
The prefix an-
Na consain The consonants (seachas d, t, s) (except d, t, s) | Na consain d, t, s The consonants d, t, s | Na gutaí The vowels (a, e, i, o, u) (a, e, i, o, u) |
Séimhítear iad They are lenited | Ní shéimhítear iad They are not lenited | Ní thagann aon athrú orthu They remain unchanged |
an-mhaith very good | an-deas very nice | an-óg very young |
an-chairdiúil very friendly | an-saibhir very rich | an-íseal very low |
an-fhuar very cold | an-te very hot | an-éasca very easy |
An réimír ró-
The prefix ró-
Na consain The consonants | Na gutaí (a, e, i, o, u) The vowels (a, e, i, o, u) |
Séimhítear iad They are lenited | Ní thagann aon athrú orthu They remain unchanged |
rómhaith too good | ró-óg too young |
róchairdiúil too friendly | ró-íseal too low |
róbhog too soft | ró-éasca too easy |
ródheas too nice | ró-ard too tall |