Baile

Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga (2017)

Cén cineál cúrsa é?

Réamhrá

Tá an cúrsa samhraidh seo ar líne, ar fiú 3 lá EPV é, dírithe ar mhúinteoirí bunscoile a dteastaíonn uathu leas a bhaint as acmhainní agus áiseanna teicneolaíochta chun an Ghaeilge a mhúineadh. Tugtar eolas ann mar gheall ar na háiseanna teicneolaíochta atá ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge, múinteoirí agus daltaí san áireamh. Tá an cúrsa praiticiúil seo oiriúnach do mhúinteoirí atá réasúnta eolach ar ríomhairí, mar aon leo siúd nach bhfuil mórán cur amach acu ar an teicneolaíocht. Cabhróidh sé le múinteoirí:

  • obair níos éifeachtaí a dhéanamh ar a ríomhaire
  • Gaeilge níos cruinne a scríobh
  • úsáid éifeachtach a bhaint as bogearraí Gaeilge agus as an réimse leathan áiseanna Gaeilge atá ar fail ar líne anois
  • smaointe a fháil maidir le gníomhaíochtaí don seomra ranga.

Faoi dheireadh an chúrsa seo, beidh múinteoirí i bhfad níos eolaí ar na háiseanna is tábhachtaí teicneolaíochta atá ar fáil sa Ghaeilge, agus beidh siad in ann an méid a fhoghlaimeoidh siad a roinnt lena gcuid daltaí.

Tá ceachtanna idirghníomhacha gramadaí le fáil i ngach modúl chomh maith, rud a chabhróidh le múinteoirí cur lena gcuid scileanna scríofa i nGaeilge.

Údair

Is iad Cóilín Ó Floinn agus Éamonn Ó Dónaill a scríobh ábhar an chúrsa seo.



Ábhar an chúrsa

Tá cúig mhodúl sa chúrsa Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga agus tá comhairle agus eolas faoi acmhainní éagsúla teicneolaíochta don Ghaeilge, chomh maith le smaointe praiticiúla don seomra ranga, i gceist i ngach ceann acu. Tabhair faoi deara go bhfuil ceithre leagan ann d’Aonad 1: ceann atá dírithe ar dhaoine a bhfuil Windows XP ar a ríomhaire, ceann eile atá oiriúnach dóibhsean a bhfuil Windows Vista acu, ceann eile do dhaoine a bhfuil Windows 7 acu agus ceann eile arís atá feiliúnach do dhaoine a bhfuil Mac OS X 10+ acu.


Modúl 1 - Windows XP / Windows Vista / Windows 7 / Mac OS X 10+

Seo iad na nithe atá i gceist i Modúl 1:

  • an córas oibriúcháin, teanga agus an méarchlár a shocrú ar do ríomhaire
  • Microsoft Word a shocrú don Ghaeilge
  • déanamh cinnte nach mbeidh I mór le fáil sa téacs agus tú ag clóscríobh i nGaeilge
  • an seiceálaí litrithe GaelSpell a chur ar do ríomhaire
  • an leagan Gaeilge den bhrabhsálaí Firefox a chur ar do ríomhaire agus GaelSpell a chur leis.

Modúl 2

Seo iad na nithe atá i gceist i Modúl 2:

  • acmhainní d’fhoghlaimeoirí óga
  • acmhainní do mhúinteoirí bunscoile.

Modúl 3

Seo iad na nithe atá i gceist i Modúl 3:

  • na meáin chlóite ar líne
  • stáisiúin raidió ar líne agus TG4 ar líne
  • conas físeáin a íoslódáil ón ngréasán
  • podchraoltaí
  • blaganna
  • Wikipedia agus Vicipéid.

Modúl 4

Seo iad na nithe atá i gceist i Modúl 4:

  • bunachair téarmaíochta ar líne
  • bunachar logainmneacha na hÉireann
  • cuid seirbhísí Google
  • na hacmhainní atá le fáil ar an suíomh gréasáin aistear.ie
  • bailiúcháin amhrán agus scéalta béaloidis ar líne.

Modúl 5

Seo iad na nithe atá i gceist i Modúl 5:

  • graiméir inchuardaithe ar líne
  • foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhuinnín agus foclóir Collins i bhfoirm aipe
  • an áis téacs‑go-hurlabhra abair.ie
  • gramadóir Gaeilge
  • siopaí ar líne
  • áiseanna foghlama ar líne.

Treoir

Leagan amach

Tá cúig mhodúl sa chúrsa Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga agus tá comhairle agus eolas faoi acmhainní éagsúla teicneolaíochta don Ghaeilge, chomh maith le smaointe praiticiúla don seomra ranga, i gceist i ngach ceann acu. Tá sprioc dhifriúil ag gach modúl, agus iarrtar ar an úsáideoir ceachtanna bunaithe ar ábhar an mhodúil a dhéanamh.

Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil agus tabharfar scór duit.

Ag tús gach modúil, cuirfear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu sa mhodúl sin.

Chun bogadh ó scáileán go scáileán, níl le déanamh agat ach cliceáil ar na saigheada Right arrow ar thaobh na láimhe deise (le dul chun tosaigh) nó ar thaobh na láimhe clé (le dul chun siar). Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail PLEAN AN AONAID ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile san aonad.

Ar an leathanach scoir, tabharfar léargas duit ar an obair a bheidh déanta agat sa mhodúl agus tabharfar scór iomlán duit. Tabharfar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad mhodúl eile, an modúl a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.

Fóram

Cuirfear fóram ar fáil do Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga. Is ar an bhfóram seo a thabharfaidh na múinteoirí freagra ar an gceist idirghníomhach ag deireadh gach modúil agus ar an gceist athmhachnamhach ag deireadh an chúrsa ar fad.

Lena chois sin, beidh deis acu siúd a bheidh cláraithe don chúrsa dul i dteagmháil leis na múinteoirí eile ar an bhfóram. Beidh siad in ann teachtaireachtaí a sheoladh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh.

Measúnú

Tá ceachtanna idirghníomhacha le déanamh i ngach modúl, agus nuair a bheidh ceacht déanta, is féidir an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cé go dtabharfar scór duit, is ceachtanna neamh-mheasúnaithe iad na ceachtanna seo; an aidhm atá leo ná idirghníomhaíocht an úsáideora le hábhar an chúrsa a spreagadh, agus deis a thabhairt dó an méid atá foghlamtha aige a chleachtadh.

Tá rannpháirtíocht i bhfóram díospóireachta ar líne mar chuid éigeantach de gach modúl. Ní mór duit páirt a ghlacadh san fhóram seo trí smaointe a mhalartú leis na múinteoirí eile agus tascanna scríofa a dhéanamh.

Ag deireadh an chúrsa, tá ceist athmhachnamhach le freagairt. Cinnteoidh an cheist seo go ndeachaigh tú i ngleic le hábhar an chúrsa, agus tabharfaidh sé deis duit machnamh a dhéanamh ar chur chun feidhme ábhar an chúrsa sa seomra ranga.

Beidh measúnú ar do chuid oibre bunaithe den chuid is mó ar chaighdeán do chuid oibre scríofa, ach coimeádfar taifead den mhéid ama a bheidh caite agat ag obair ar an gcúrsa chomh maith.

Tábhachtach

Ní mór an cúrsa a dhéanamh idir 3 Iúil 2017 agus 25 Lúnasa 2017 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh. I rith na tréimhse sin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cathain is mian leat staidéar a dhéanamh ar ábhar an chúrsa.

De réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí ar líne, tabharfar trí lá EPV do rannpháirtithe a chríochnóidh cúrsa amháin ar líne, ceithre lá EPV dóibhsean a chríochnóidh dhá chúrsa ar líne agus cúig lá EPV dóibh siúd a chríochnóidh trí chúrsa ar líne.

Nóta

Dírítear sa chúrsa seo ar Microsoft Windows, go háirithe i Modúl 1 agus i Modúl 2, rud a chiallaíonn nach bhfuil ábhar na modúl sin oiriúnach d’aon duine a úsáideann ríomhaire Mac. Bainfidh an té a úsáideann Mac an-tairbhe as an gcuid eile den chúrsa, áfach, seachas an rannóg ina ndírítear ar WinGléacht, ríomhchlár nach bhfuil ar fáil ach don PC amháin.

Ní gá go mbeadh ardscileanna ríomhaireachta ag duine chun tairbhe a bhaint as an gcúrsa praiticiúil seo.


Ceisteanna Coitianta

Cathain is féidir liom clárú don chúrsa?

Anois díreach!

Cathain is féidir liom tús a chur leis an gcúrsa?

Am ar bith ó thús mhí Iúil ar aghaidh. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 3 Iúil 2017 agus 25 Lúnasa 2017 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh.

Cathain a chaithfidh mé a bheith críochnaithe leis an gcúrsa?

Faoi 25 Lúnasa 2017. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 3 Iúil 2017 agus 25 Lúnasa 2017 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh. I rith na tréimhse sin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cathain is mian leat staidéar a dhéanamh ar ábhar an chúrsa.

Cén obair a bheidh le déanamh agam i ngach modúl?

Beidh ort ábhar an mhodúil a léamh agus tabhairt faoi na cleachtaí idirghníomhacha go léir.
Nuair a bheidh an méid sin déanta agat, beidh ort an cheist idirghníomhach ag deireadh an mhodúil a fhreagairt ar fhóram an chúrsa.
Is gá ar a laghad trácht amháin a dhéanamh in aghaidh an mhodúil ar an bhfóram nach freagra é ar cheist idirghníomhach.
Ag deireadh an chúrsa ar fad, ní mór duit an cheist athmhachnamhach a fhreagairt. Arís, beidh ort do fhreagra a chur ar an bhfóram.

Cé mhéad uair an chloig is gá dom a chaitheamh ag déanamh obair an chúrsa seo?

Timpeall 20 uair an chloig.

An i nGaeilge nó i mBéarla atá ábhar an chúrsa scríofa?

Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

An mbeidh orm an cheist idirghníomhach ag deireadh gach modúil a fhreagairt as Gaeilge?

Ní bheidh. Molaimid duit Gaeilge a úsáid i do chuid freagraí oiread agus is féidir, ach tá cead agat Béarla a úsáid más gá.

An féidir liom tabhairt faoin gcúrsa ar mo ghuthán cliste nó ar mo ríomhaire táibléid, e.g. iPad?

Is féidir an chuid is mó de ranganna.com a úsáid ar ghuthán cliste nó ar ríomhaire táibléid ach ní oibríonn ábhar ilmheán an tsuímh ar gach cineál gléis. B’fhearr duit, dá bhrí sin, triail a bhaint as aonad samplach den chúrsa a bhfuil sé i gceist agat tabhairt faoi ar an ngléas, sula gcuireann tú an cúrsa sin in áirithe.

Cad a dhéanfaidh mé má bhíonn ceist agam?

Scríobh ar an bhfóram í nó scríobh chuig éascaitheoir an chúrsa.
Má bhíonn aon deacrachtaí agat leis an suíomh, glaoigh ar (01) 484 5220, nó scríobh chuig eolas@ranganna.com.

An féidir liom níos mó ná cúrsa amháin a dhéanamh?

Is féidir, cinnte! De réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí ar líne, tabharfar trí lá EPV do rannpháirtithe a chríochnóidh cúrsa amháin ar líne, ceithre lá EPV dóibhsean a chríochnóidh dhá chúrsa ar líne agus cúig lá EPV dóibh siúd a chríochnóidh trí chúrsa ar líne.

Conas a bheidh a fhios agam go bhfuil an cúrsa críochnaithe agam?

Beidh an cúrsa críochnaithe agat nuair a bheidh:

  • timpeall 20 uair an chloig caite agat ag obair ar ábhar an chúrsa
  • freagraí tugtha agat ar na cúig cheist idirghníomhacha agus ar an gceist athmhachnamhach
  • trácht amháin déanta agat in aghaidh an mhodúil ar an bhfóram nach freagra é ar cheist idirghníomhach.
  • éascaitheoir an chúrsa sásta go bhfuil caighdeán ard go leor ag baint le do chuid oibre.

Gheobhaidh tú do theastas agus taifead ar d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach taobh istigh de dhá lá oibre ón am a chríochnóidh tú an cúrsa. Tógann sé tamaillín na freagraí a thiomsú, agus an teastas agus an taifead a ullmhú.


Má tá ceist ar bith eile agat, seol ríomhphost chuig eolas@ranganna.com, nó glaoigh ar (1890) 252 900 nó ar (01) 484 5220.

Aiseolas

‘Táim ag súil go mór le ról níos lárnaí a thabhairt do na ríomhairí i mo rang, agus tá neart smaointe faighte agam ón gcúrsa seo. I gceann roinnt blianta beidh iPad nó a leithéid in úsáid ag gach páiste sa rang agus tá cúrsaí mar seo go maith chun cabhrú le múinteoirí ullmhú don lá sin agus tuiscint éigin a fháil ar na rudaí a d’fhéadfaí a dhéanamh nuair a thiocfaidh an lá sin.’ - CO’F

‘Tar éis dom an cúrsa seo a dhéanamh bheadh an-suim agam obair scríbhneoireachta sa Ghaeilge a thabhairt don rang agus iad a chur ag obair ar na ríomhairí, mar go bhfuil an t-eolas agam féin anois chun cabhrú leo. Ar ndóigh, beidh na háiseanna an-úsáideach dom féin freisin – cabhróidh siad liom i mo ról mar mhúinteoir agus cabhróidh siad liom feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge féin freisin.’ - BMO’C

‘Tá an méid sin áiseanna cabhracha sa chúrsa a chuideoidh go mór leis na daltaí agus iad ag scríobh aistí nó ag déanamh tionscnamh, go háirithe má bhíonn siad ag baint úsáide as ríomhairí.’ - SD