Tábhachtach: Ní bheidh rannpháirtithe an chúrsa seo i dteideal aon laethanta EPV a fháil ar chríochnú an chúrsa dóibh.Tá an cúrsa seo ar líne dírithe ar mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh rang 3 – rang 6 agus tá sé bunaithe ar Gníomhaíochtaí Gasta, leabhar de ghníomhaíochtaí cumarsáide Gaeilge don mhúinteoir bunscoile. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí ar mhaith leo níos mó a fhoghlaim faoi phrionsabail agus struchtúr ceachtanna cumarsáideacha. I ngach modúl, cuirtear i láthair ceachtanna samplacha atá bunaithe ar cheann de na chéad chúig théama sa churaclam bunscoile. Tá béim láidir ar an gcur chuige cumarsáideach sna ceachtanna seo, agus tá na tréimhsí réamhchumarsáide, fíorchumarsáide agus iarchumarsáide i gceist i ngach ceann acu.
Is iad príomhchuspóirí an chúrsa ná:
Is í Siobhán Patten a scríobh ábhar an chúrsa seo. Is as Acaill, Contae Mhaigh Eo, ó dhúchas í Siobhán. Chaith sí roinnt mhaith blianta ag obair mar mhúinteoir bunscoile sular fhostaigh Gaelchultúr í, mar oiliúnóir i dtús báire agus mar Bhainisteoir Sainchúrsaí ina dhiaidh sin.
Tá taithí leitheadach ag Siobhán ar shiollabais, acmhainní teagaisc agus pleananna ceachta a fhorbairt d’fhoghlaimeoirí Gaeilge d’aoiseanna éagsúla agus ag leibhéil éagsúla cumais.
D’fhoilsigh Gaelchultúr a céad leabhar, Gníomhaíochtaí Gasta, in 2013. Tá 60 gníomhaíocht chumarsáide sa leabhar seo, atá dírithe ar mhúinteoirí atá ag plé le ranganna 3–6 i scoileanna T1 agus T2 araon.
Tá cúig mhodúl sa chúrsa Gníomhaíochtaí Gasta: Topaicí 1–5 den Churaclam agus tá meascán de mhíniúchán agus de cheachtanna i gceist i ngach ceann acu. Tar éis duit roinnt rialacha gramadaí a léamh, bíonn deis agat ceachtanna a dhéanamh bunaithe ar na rialacha sin.
Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil duit agus tabharfar scór duit.
Anois díreach! Staidéar neamhspleách, gan aon mhúinteoir, atá i gceist. Mar sin is féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ar do shócúlacht, san oifig nó sa bhaile, ag do luas féin, agus ag am ar bith is mian leat.
Scríobh ar an bhfóram í! Beidh tú in ann dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh ann. Bíonn baill d’fhoireann Ghaelchultúir ar an bhfóram freisin, agus beidh siadsan in ann aon cheisteanna casta a fhreagairt.