Baile

Logáil isteach agus do chúrsa a aimsiú

Ar an leathnach seo, tugtar treoir maidir le logáil isteach. Má tá treoir á lorg agat mar gheall ar ghné eile d’úsáid ranganna.com, cliceáil anseo.

(a) Téigh chuig www.ranganna.com.

(b) Cuir an cúrsóir thar na focail ‘Logáil Isteach’ ar bharr an leathanaigh baile, ar thaobh na láimhe deise, agus osclóidh fuinneoigín ina bhfuil spásanna d’ainm úsáideora agus do phasfhocal.

(c) Clóscríobh d’ainm úsáideora agus do phasfhocal sna spásanna sin, agus cliceáil ar an gcnaipe ».

(d) Tá tú logáilte isteach anois. Feicfidh tú d’ainm úsáideora ag barr an leathanaigh baile, ar thaobh na láimhe deise.

(e) Cuir an cúrsóir thar d’ainm úsáideora agus osclóidh fuinneoigín ina dtabharfar roghanna éagsúla duit: dul go dtí do leathanach pearsanta, logáil amach, agus an cúrsa a bhfuil tú cláraithe dó a oscailt.

(f) Beidh teideal do chúrsa(í) le feiceáil faoin teideal ‘Mo chuid cúrsaí’ san fhuinneoigín sin. Cliceáil ar theideal cúrsa chun é a oscailt.