Fóraim » Plé ginearálta » frasaí

frasaí

Teachtaireachtaí

Údar teachtaireacht nua » Teachtaireacht
freagair » frasaí
audrey1
05/11/2009 15:07:32

Tá mo mhac i rang a sé, agus thug an muinteoir frasaí do na pháistí gach seachtaine. Rinne mo mhac dearmad ar frasaí amhain. “Tá mé ag suil go more leis”. An bhfuil eolas ag aon duine cad é as Bearla? Go raibh mile maith agaibh go leir. Audraí

freagair » RE: frasaí
gaelchultur
06/11/2009 12:26:11

A Audraí, a chara,

Tá mé ag súil go mór leis. = I’m really looking forward to it.

Ádh mór,

Helen

freagair » RE: frasaí
audrey1
17/11/2009 22:36:35

A Helen, a chara,

Go raibh míle maith agat. Audraí

freagair » RE: frasaí
Brianless
26/01/2010 23:39:17

Uaireannta tagaim ar frásaí mar “b’eo isteach a athair’. (C.U. measaim.) Cad a chiallaíonn sé seo agus cén míníu atá le fáil i dtaobh an gramadaí? Sa leabhar (C.C.), An Dorna Iata, nach é an teideal caighdeánach ‘An Dorn Iata’? Sa leabhar iontach céanna, faigheann tú “Ba ar inn ar éigean” (Lgh 87 is 135). Cén míniú atá ar fáil i dtaobh an gramadaí?

freagair » RE: frasaí
gaelchultur
28/01/2010 09:32:24

Is é atá i gceist i gcás ‘B’eo isteach a athair’ ná an chopail ‘is’ san aimsir chaite agus leagan giorraithe de ‘seo’. Tarlaíonn an rud céanna i gcás ‘sin’, e.g. ‘B’in an duine a raibh mé ag caint leis’.

An míniú atá ar ‘Ba ar inn ar éigean’ ná ‘It was by dint of extreme effort’.

freagair » RE: frasaí
Brianless
01/02/2010 23:33:52

Helen, a chara, GRMA. An bhfuil an focal “inn” sa phrás “Ba ar inn ar éigin” mar an gcéanna le “sin”? Cén chaoi a fhuaimeann duine “B’eo” sa nath eile? “Buh”? nó “B’yi-eo”? GRMMA arís, Brianless.

freagair » RE: frasaí
gaelchultur
03/02/2010 09:42:03

A Bhriain, a chara,

An dara fuaimniú.

Teachtaireacht nua

Teideal
Téacs na teachtaireachta
Ainm
Ríomhphost
Athscríobh an uimhir seo ina figiúirí (chun turscar a chosc):
ceathair cúig ceathair trí náid