An Teanga Teagaisc

Messages

reply » An Teanga Teagaisc

Sílim gur leagan amach iontach snasta atá ann. Molaim an obair go mo/r. Tá aithne agam ar go leor foghlaimeoirí fásta nach mbeadh compordach leis an Ghaeilge mar theanga teagaisc chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí gramadaí. Tá an ghramadach casta go leor gan í a mhíniú trí mheán an dara teanga ag duine, agus sílim gur beag fiúntas atá leis o/ thaobh foghlaim na Gaeilge de. Tá go leor foghlaimeoirí Gaeilge amuigh ansin nach dtuigeann cad is “adjective” ann, gan trácht ar “aidiacht”. Tá Cruinneas de dhíth ar na daoine seo chomh maith, agus déarfainn go gcláro/dh níos mo/ foghlaimeoirí dá ndéanfaí an teagasc trí mheán a máthairtheanga chomh maith. Sin an fáth, mar shampla, go raibh ar Nollaig Mac Congail leagan Béarla dá leabhar beag gramadaí a chur i gclo/ chomh maith.

Seán
21/05/2008 18:18:47
reply » RE: An Teanga Teagaisc

A Sheáin, a chara,

Aontaím leat maidir leis an teanga teagaisc. Tá sé i gceist go mbeidh gach cúrsa ar ranganna.com dátheangach; beidh sé sin amhlaidh faoi mheánrang 1, a bheidh ar fáil ó thús mhí Mheán Fómhair i mbliana agus tá sé beartaithe leagan Béarla den cúrsa Teicneolaíocht an Eolais agus an Ghaeilge a chur ar fáil faoin fhómhar fosta.

Tá mé dóchasach go n-éireoidh linn Cruinneas sa Ghaeilge a aistriú i mbliana chomh maith.

Go raibh míle maith agat as do chuid tuairimí a chur in iúl anseo!

Ádh mór, Éamonn Ó Dónaill

Riarthóir
05/06/2009 18:06:46
reply » RE: An Teanga Teagaisc

Aontaím, is leagan amach iontach atá sa chúrsa seo, easca le nusáid, b’fhéidir ábhar ar-líne mar seo a usáid i scoileanna nó san ollscoil .

Ronan16
01/07/2009 22:02:21
reply » RE: An Teanga Teagaisc

Aontaim le Ronan16 - ba cheart an modh seo a chur roimh na daltaí sna scoileanna. ‘Sé an modh seo teagaisc an ceann is fearr ariamh a tháinig mise air.

Brian-less
27/01/2010 22:16:38
reply » RE: An Teanga Teagaisc

Taitníonn leagan amach an chúrsa liom. Tá na pictiúirí go breá...bhí mé ceaptha go dtaitneodh siad le mo rangsa! Maidir leis an béarla mar theanga teagaisc, molaim an Ghaeilge a úsaid, ach feicim na buntáistí...agus bhí orm cliceáil ar an translation cúpla uair!

Maryo
08/07/2010 10:18:32
reply » RE: An Teanga Teagaisc

Inniu a thosnaíos ar an gcúrsa seo agus mé amhrasach go maith faoi, roimh dom tosnú. Ach caithfidh mé a adhmháil go bhfuilim thar a bheith sásta lena bhfuil feicthe agam go dtí seo. Braithim go gcaithfidh Gaeilge chruinn a bheith ag múinteoirí má tá siad ag iarraidh an teanga a mhúineadh.....conas a bheadh ar a gcumas an teanga a mhúineadh muna bhfuilid féin criuinn gan trácht ar líofa! Is deis iontach é an cúrsa seo do mhúinteoirí snas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Brídín Ní Shíocháin
08/07/2010 19:42:24
reply » RE: An Teanga Teagaisc

A Bhrídín, táim ag aontú leat arís! Cé go raibh Gaeilge ag mo mháthair agus gur bhain mé chéím amach sa Ghaeilge, bím i gcónaí ag ceistiú mo chuid Gramadaí. Táim ag baint an-taitneamh as mé fhéin a scrúdú, agus tá orm filleadh ar ais go dtí go bhfuil an ceart agam go hiomlán! Maith sibh gach éinne agus an cruinneas atá bainnte amach agaibh. Tá dhá bhilleog d’fhoclóir nua agam agus táim tar éis leagan i Microsoft Word a dhéanamh do gach cheacht le haghaidh mo rang féín. Is oth liom a rá nach bhfuil na pictiúir ag teacht aníos dom. An bhfuil aon seans go bhfuil siad ar fáil in áit éigin? Táimíd tar éis íoc as an gcúrsa agus is trua nach bhfuil leagan ranga ar fáíl dúinn mar go bhfuil sé chomh-chruinn is atá sé. Go raibh maith agaibh go léir. Carmel

Carmel Ní Riada
19/08/2010 16:48:59
reply » RE: An Teanga Teagaisc

Táim ag dul go maith leis an gcursa seo. An bhfuil sé fíor a rá, go bhfuil an cursa seo oiriunach don ranganna 4-6? Ceapaim go bhfuil an cursa an mhaith. Taitníonn na aiseanna agus an lucht comh maith. I mo thuairim féin tá na físithe go hiontach. Tá siad an praiticiúil.

KatieBuckley
13/08/2012 21:09:17