Fóraim » Plé ginearálta » Ceart nó mí-cheart?

Ceart nó mí-cheart?

Teachtaireachtaí

Údar teachtaireacht nua » Teachtaireacht
freagair » Ceart nó mí-cheart?
Christy
02/07/2010 21:07:14

Ta fadhbanna agam istoíche leis na scrúdaithe í cuid 3. Deirtear liom go raibh mo chuid freagraí mí-cheart ach nuair a rinne mé cóip de na freagraí agus rinne mé an scrúdú faoi dhó ( leis na freagaí ceart) bhí mo chuid obair fós mícheart!! Bhí mo freagraí agus na freagraí ón gcúrsa mar an gceanna ach bhí mé mícheart. ????

freagair » RE: Ceart nó mí-cheart?
gaelchultur
05/07/2010 10:32:38

A Christy, a chara,

An bhféadfá a rá liom cén cúrsa agus cén modúl ina bhfuil an cleachtadh a bhfuil deacrachtaí agat leis?

Seans go mbaineann an deacracht le lánstadanna. Más abairt iomlán atá sa fhreagra, ní mór lánstad a chur ag deireadh na habairte, nó déarfar leat go bhfuil tú mícheart.

Ar aon nós, ní gá duit a bheith róbhuartha faoi na cleachtaí atá mar chuid de na modúil. Is cleachtaí neamh-mheasúnaithe iad na cleachtaí sin; an aidhm atá leo ná d’idirghníomhaíocht le hábhar an chúrsa a spreagadh, agus deis a thabhairt duit an méid atá foghlamtha agat a chleachtadh. An rud is tábhachtaí ná na ceisteanna ar an bhfóram a fhreagairt.

Ádh mór,

Helen

freagair » RE: An seimhiu
Sibh
30/07/2010 17:30:22

A chara,

Taim ag taisteal i rith na saoire agus bim ag usaid riomhaire eagsuile gach uile la. Uaireannta bionn an seimhiu in easnamh ar cuid acu des na riomhaire. De bharr sin faighim scor micheart ar mo cuid oibre nuair nach mbionn micheart agam ach an seimhiu. Cen tabhacht ata ag baint ar an scor? An bhfuil orm scor faoin gcead a fhail chun an cursa a criochnaithe?

Siobhan

freagair » RE: An seimhiu
michelleryan
03/08/2010 09:04:44

Siobhán, a chara,

Ná bí buartha faoi na cleachtaí sin. Is cleachtaí neamh-mheasúnaithe iad - an aidhm atá leo ná an méid atá foghlamtha agat a chleachtadh.

An rud is tábhachtaí ná na ceisteanna idirghníomhacha ag deireadh gach modúil agus an cheist athmhachnamhach ag deireadh an chúrsa a fhreagairt ar an bhfóram.

Ádh mór,

Michelle

freagair » An Ginideach ar an Teilifís.
eithneodonnell
04/08/2010 20:52:51

A Chara,

Fuair mé Fógra Cheadúnas Teilifíse le déanaí.

1.Is léir nach ainmfhocal cinnte í Teilifíse. De réir beirt mhúinteoirí den scoth, ba cheart Fógra Ceadúnas Teilifíse a bheith agam, gan athrú ar bith ar an chéad dhá fhocal.

  1. Chuir mé ceist ar freagra@achmainn.ie agus dúirt siad go mba cheart go mbeadh Fógra Ceadúnais Teilifíse agam, sé sin go mbeidh gach focal tar éis an chéad fhocal sa ghinideach.

Ní raibh mé in ann teacht ar mhíniú i nGraiméar na mBráithre Críostáí ach amháin na frásaí “toirtín aráin choirce; sárú gealltanais phósta” – mar an gcéanna le 2 thuas.

Tuigim an riail atá luaite i nGramadach Gan Stró ina chuirtear an t-ainmbhriathar sa ghinideach nuair is aonad brí iad an chéad phéire focal - .i. ionad próiseála éisc.

Ba mhór dom dá mbeadh tú in ann an riail cheart a mhíniú dom maidir le sraith ainmfhocal éiginnte agus an ginideach. Nó b’fhéidir, fiú amháin, ba cheart dom mo cheadúnas teilifíse a íoc gan chlamhsán!

Ádh mór, Eithne

freagair » RE: An Ginideach ar an Teilifís.
gaelchultur
25/08/2010 16:11:05

A Eithne, a chara,

Is léir nach bhfuil daoine ar aon tuairim faoin gceist seo.

‘Fógra ceadúnas teilifíse’ an leagan a mholfainnse, ach tá mé cinnte go n-easaontódh daoine áirithe liom.

aonad brí cinnte

(1) os cionn + doras an tí Tá a fhios againn gur aonad brí cinnte atá ann mar tá an t-alt leis - doras an tí. Mar sin téann an riail sin faoi fhoirm an ainmnigh in áit an ghinidigh i bhfeidhm, agus cuirtear séimhiú ar an gcéad ainmfhocal san aonad brí a bhfuil an ginideach cinnte ann. os cionn + doras an tí = os cionn dhoras an tí

(2) ag moladh + mac Sheáin Tá a fhios againn gur aonad brí cinnte atá ann toisc go bhfuil ainm dílis ann - mac Sheáin. Mar sin téann an riail sin faoi fhoirm an ainmnigh in áit an ghinidigh i bhfeidhm, agus cuirtear séimhiú ar an gcéad ainmfhocal san aonad brí a bhfuil an ginideach cinnte ann. ag moladh + mac Sheáin = ag moladh mhac Sheáin

aonad brí éiginnte

(1) ag scríobh + páipéar taighde Tá a fhios againn gur aonad brí éiginnte atá ann toisc nach aonad brí cinnte atá ann. (Níl an t-alt leis; Níl ainmfhocal dílis ann; Níl sé á cháiliú ag uimhir; Níl an aidiacht shealbhach leis.) Mar sin ní théann an riail sin faoi fhoirm an ainmnigh in áit an ghinidigh i bhfeidhm. ag scríobh + páipéar taighde = ag scríobh páipéar taighde

(2) fostaí + teach solais Tá a fhios againn gur aonad brí éiginnte atá ann toisc nach aonad brí cinnte atá ann. (Níl an t-alt leis; Níl ainmfhocal dílis ann; Níl sé á cháiliú ag uimhir; Níl an aidiacht shealbhach leis.) Mar sin ní théann an riail sin faoi fhoirm an ainmnigh in áit an ghinidigh i bhfeidhm. fostaí + teach solais = fostaí teach solais

(3) fógra + ceadúnas teilifíse Arís sa chás seo, sílim gur aonad brí éiginnte atá ann fógra + ceadúnas teilifíse = fógra ceadúnas teilifíse

D’aimsigh mé ‘Táillí Ceadúnas Teilifíse’ ar focal.ie.

Ádh mór,

Helen

freagair » RE: Ceart nó mí-cheart?
ladybird
17/08/2011 10:23:23

Tá fadhb sin agam freisin í cleaachtadh 1- orduithe .Táim sasta anois go bhfuil “an aidhm atá leo ná d’idirghníomhaíocht le hábhar an chúrsa a spreagadh, agus deis a thabhairt duit an méid atá foghlamtha agat a chleachtadh”.

Teachtaireacht nua

Teideal
Téacs na teachtaireachta
Ainm
Ríomhphost
Athscríobh an uimhir seo ina figiúirí (chun turscar a chosc):
dó trí náid cúig sé