Baile

Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga (2016)

Cén cineál cúrsa é?

in éag 26 Lúnasa 2016
N/B

Réamhrá

Tá an cúrsa samhraidh seo ar líne, ar fiú 3 lá EPV é, dírithe ar mhúinteoirí bunscoile ar mhaith leo smaointe nua a fháil do mhúineadh na Gaeilge agus ar spéis leo foghlaim faoin tslí leis an gcur chuige cumarsáideach a úsáid ina gcuid teagaisc. I ngach modúl, cuirtear i láthair dhá cheacht shamplacha bunaithe ar théamaí an churaclaim agus cuirtear béim sna ceachtanna sin ar an gcur chuige cumarsáideach. Bíonn tréimhsí réamhchumarsáide, fíorchumarsáide agus iarchumarsáide san áireamh sa dá cheacht.

Cé go molaimid duit Gaeilge a úsáid i do chuid freagraí oiread agus is féidir, tá cead agat Béarla a úsáid más gá.

Is iad príomhchuspóirí an chúrsa ná:

  • tuiscint níos fearr a thabhairt do na múinteoirí ar an gcur chuige cumarsáideach agus léiriú dóibh conas é a úsáid go héifeachtach ina gcuid teagaisc
  • smaointe nua a thabhairt do na múinteoirí maidir le teagasc na Gaeilge a bheidh siad in ann iad a chur i bhfeidhm sa seomra ranga, chun feabhas a chur ar chaighdeán teagaisc na Gaeilge, chun suim a mhúscailt sa teanga agus chun cumas cumarsáide na ndaltaí a ardú
  • cur le scileanna Gaeilge na múinteoirí agus muinín a chothú iontu i dtaca le múineadh na teanga.

Údar

Is í Siobhán Patten a scríobh ábhar an chúrsa seo. Is as Acaill, Contae Mhaigh Eo, ó dhúchas í Siobhán. Chaith sí roinnt mhaith blianta ag obair mar mhúinteoir bunscoile sular fhostaigh Gaelchultúr í, mar oiliúnóir i dtús báire agus mar Bhainisteoir Sainchúrsaí ina dhiaidh sin.

Tá taithí leitheadach ag Siobhán ar shiollabais, acmhainní teagaisc agus pleananna ceachta a fhorbairt d’fhoghlaimeoirí Gaeilge d’aoiseanna éagsúla agus ag leibhéil éagsúla cumais.

D’fhoilsigh Gaelchultúr a céad leabhar, Gníomhaíochtaí Gasta, in 2013. Tá 60 gníomhaíocht chumarsáide sa leabhar seo, atá dírithe ar mhúinteoirí atá ag plé le ranganna 3–6 i scoileanna T1 agus T2 araon.



Treoir

Leagan amach

Tá cúig mhodúl sa chúrsa seo agus tá meascán de cheachtanna samplacha, de ghníomhaíochtaí samplacha, de stór focal úsáideach, d’fhíseáin agus de chleachtaí i gceist i ngach ceann acu.

Tá na cleachtaí ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh cleachtadh déanta agat, is féidir leat an cnaipe ‘Seol’ a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil agus tabharfar scór duit.

Ag tús gach modúil, cuirfear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu sa mhodúl sin.

Chun bogadh ó scáileán go scáileán, níl le déanamh agat ach cliceáil ar na saigheada ‘Ar aghaidh’ ar thaobh na láimhe clé (le dul siar) nó ar thaobh na láimhe deise (le dul chun tosaigh). Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail PLEAN AN AONAID ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile sa mhodúl.

Ar an leathanach scoir, tabharfar léargas duit ar an obair a bheidh déanta agat sa mhodúl agus tabharfar scór iomlán duit. Tabharfar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad mhodúl eile, an modúl a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.

Fóram

Tá fóram mar chuid den chúrsa Conas an Ghaeilge a mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga. Is ar an bhfóram seo a thabharfaidh na múinteoirí freagra ar an gceist idirghníomhach ag deireadh gach modúil agus ar an gceist athmhachnamhach ag deireadh an chúrsa ar fad.

Lena chois sin, beidh deis acu siúd a bheidh cláraithe don chúrsa dul i dteagmháil leis na múinteoirí eile ar an bhfóram. Beidh siad in ann teachtaireachtaí a sheoladh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh.

Measúnú

Tá ceachtanna idirghníomhacha le déanamh i ngach modúl, agus nuair a bheidh ceacht déanta, is féidir an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cé go dtabharfar scór duit, is ceachtanna neamh-mheasúnaithe iad na ceachtanna seo; an aidhm atá leo ná idirghníomhaíocht an mhúinteora le hábhar an chúrsa a spreagadh, agus deis a thabhairt dó an méid atá foghlamtha aige a thástáil.

Tá rannpháirtíocht i bhfóram díospóireachta ar líne mar chuid éigeantach de gach modúl. Ní mór duit páirt a ghlacadh san fhóram seo trí smaointe a mhalartú leis na múinteoirí eile agus tascanna scríofa a dhéanamh.

Ag deireadh an chúrsa, tá ceist athmhachnamhach le freagairt. Cinnteoidh an cheist seo go ndeachaigh tú i ngleic le hábhar an chúrsa, agus tabharfaidh sé deis duit machnamh a dhéanamh ar chur chun feidhme ábhar an chúrsa sa seomra ranga.

Beidh measúnú ar do chuid oibre bunaithe den chuid is mó ar chaighdeán do chuid oibre scríofa, ach coimeádfar taifead den mhéid ama a bheidh caite agat ag obair ar an gcúrsa chomh maith.

Tábhachtach

Ní mór an cúrsa a dhéanamh idir 4 Iúil 2016 agus 26 Lúnasa 2016 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh. I rith na tréimhse sin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cathain is mian leat staidéar a dhéanamh ar ábhar an chúrsa.

De réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí ar líne, tabharfar trí lá EPV do rannpháirtithe a chríochnóidh cúrsa amháin ar líne, ceithre lá EPV dóibhsean a chríochnóidh dhá chúrsa ar líne agus cúig lá EPV dóibh siúd a chríochnóidh trí chúrsa ar líne.


Ceisteanna Coitianta

Cathain is féidir liom clárú don chúrsa?

Anois díreach!

Cathain is féidir liom tús a chur leis an gcúrsa?

Am ar bith ó thús mhí Iúil ar aghaidh. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 4 Iúil 2016 agus 26 Lúnasa 2016 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh.

Cathain a chaithfidh mé a bheith críochnaithe leis an gcúrsa?

Faoi 26 Lúnasa 2016. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 4 Iúil 2016 agus 26 Lúnasa 2016 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh. I rith na tréimhse sin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cathain is mian leat staidéar a dhéanamh ar ábhar an chúrsa.

Cén obair a bheidh le déanamh agam i ngach modúl?

Beidh ort ábhar an mhodúil a léamh agus tabhairt faoi na cleachtaí idirghníomhacha go léir.
Nuair a bheidh an méid sin déanta agat, beidh ort an cheist idirghníomhach ag deireadh an mhodúil a fhreagairt ar fhóram an chúrsa.
Is gá ar a laghad trácht amháin a dhéanamh in aghaidh an mhodúil ar an bhfóram nach freagra é ar cheist idirghníomhach.
Ag deireadh an chúrsa ar fad, ní mór duit an cheist athmhachnamhach a fhreagairt. Arís, beidh ort do fhreagra a chur ar an bhfóram.

Cé mhéad uair an chloig is gá dom a chaitheamh ag déanamh obair an chúrsa seo?

Timpeall 20 uair an chloig.

An i nGaeilge nó i mBéarla atá ábhar an chúrsa scríofa?

Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

An mbeidh orm an cheist idirghníomhach ag deireadh gach modúil a fhreagairt as Gaeilge?

Ní bheidh. Molaimid duit Gaeilge a úsáid i do chuid freagraí oiread agus is féidir, ach tá cead agat Béarla a úsáid más gá.

An féidir liom tabhairt faoin gcúrsa ar mo ghuthán cliste nó ar mo ríomhaire táibléid, e.g. iPad?

Is féidir an chuid is mó de ranganna.com a úsáid ar ghuthán cliste nó ar ríomhaire táibléid ach ní oibríonn ábhar ilmheán an tsuímh ar gach cineál gléis. B’fhearr duit, dá bhrí sin, triail a bhaint as aonad samplach den chúrsa a bhfuil sé i gceist agat tabhairt faoi ar an ngléas, sula gcuireann tú an cúrsa sin in áirithe.

Cad a dhéanfaidh mé má bhíonn ceist agam?

Scríobh ar an bhfóram í nó scríobh chuig éascaitheoir an chúrsa.
Má bhíonn aon deacrachtaí agat leis an suíomh, glaoigh ar (01) 484 5220, nó scríobh chuig eolas@ranganna.com.

An féidir liom níos mó ná cúrsa amháin a dhéanamh?

Is féidir, cinnte! De réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí ar líne, tabharfar trí lá EPV do rannpháirtithe a chríochnóidh cúrsa amháin ar líne, ceithre lá EPV dóibhsean a chríochnóidh dhá chúrsa ar líne agus cúig lá EPV dóibh siúd a chríochnóidh trí chúrsa ar líne.

Conas a bheidh a fhios agam go bhfuil an cúrsa críochnaithe agam?

Beidh an cúrsa críochnaithe agat nuair a bheidh:

  • timpeall 20 uair an chloig caite agat ag obair ar ábhar an chúrsa
  • freagraí tugtha agat ar na cúig cheist idirghníomhacha agus ar an gceist athmhachnamhach
  • trácht amháin déanta agat in aghaidh an mhodúil ar an bhfóram nach freagra é ar cheist idirghníomhach.
  • éascaitheoir an chúrsa sásta go bhfuil caighdeán ard go leor ag baint le do chuid oibre.

Gheobhaidh tú do theastas agus taifead ar d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach taobh istigh de dhá lá oibre ón am a chríochnóidh tú an cúrsa. Tógann sé tamaillín na freagraí a thiomsú, agus an teastas agus an taifead a ullmhú.


Má tá ceist ar bith eile agat, seol ríomhphost chuig eolas@ranganna.com, nó glaoigh ar (1890) 252 900 nó ar (01) 484 5220.

Aiseolas

Fuair mé neart seifteanna, cluichí agus smaointe nua chun téamaí an churaclaim a mhúineadh go héifeachtach. Shábháil mé na ceachtanna ar mo ríomhaire agus bainfidh mé úsáid astu sa seomra ranga. Ceapaim go mbeidh mé níos fearr ag múineadh na Gaeilge anois. Bhain mé an-taitneamh as an gcúrsa. Go raibh míle maith agaibh. - RO’R

Léiríodh sa chúrsa seo conas an cur chuige cumarsáideach a úsáid go héifeachtach sa seomra ranga. Tar éis dom an cúrsa a dhéanamh, tá go leor smaointe nua agus áiseanna luachmhara agam a chuirfidh ar mo chumas an Ghaeilge a mhúineadh ar bhealach níos éifeachtaí agus níos taitneamhaí. - TG

Cheap mé go raibh an cúrsa seo ar fheabhas. Fuair mé an-chuid smaointe ar bhealaí chun an teanga a mhúineadh go héifeachtach. Tugadh neart moltaí sa chúrsa maidir le bealaí páistelárnacha chun an teanga a mhúineadh agus maidir le slite chun daltaí óga a spreagadh le suim a chur sa Ghaeilge. Is cinnte go gcuirfidh mé na moltaí sin i bhfeidhm i mo rang féin. - SO’C