Baile

Físchúrsa Gramadaí do Mhúinteoirí Bunscoile - Scoilbhliain 2015 / 2016

Cén cineál cúrsa é?

in éag 15 Meitheamh 2016
€50.00

Réamhrá

Tábhachtach: Ní bheidh rannpháirtithe an chúrsa seo i dteideal aon laethanta EPV a fháil ar chríochnú an chúrsa dóibh.
Tá an cúrsa seo oiriúnach do mhúinteoirí nach mbraitheann muiníneach agus iad ag labhairt ná ag scríobh na Gaeilge agus ar mian leo, dá bhrí sin, cur lena gcuid scileanna sa teanga. Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

Is iad príomhchuspóirí an chúrsa ná:

  • roinnt de na gnéithe is lárnaí de ghramadach na Gaeilge, a bhaineann le téamaí an churaclaim, a mhúineadh go soiléir trí fhíseáin agus trí gníomhaíochtaí taitneamhacha idirghníomhacha;
  • gramadach na Gaeilge a mhúineadh agus a chur i láthair ar bhealach a chabhróidh leis na rannpháirtithe téamaí agus teanga an churaclaim a theagasc sa seomra ranga (m.sh. pleananna ceachta agus smaointe do ghníomhaíochtaí sa seomra ranga);
  • an fhéinmhuinín agus na scileanna teicniúla a thabhairt do mhúinteoirí a chabhróidh leo bheith ag foghlaim go héifeachtach agus go neamhspleách, rud a chuirfidh feabhas ar a gcuid scileanna teagaisc;
  • cur le cumas múinteoirí an Ghaeilge a úsáid go cruinn agus go muiníneach ina gcuid teagaisc agus ina gcumarsáid le daltaí;
  • moltaí a thabhairt do mhúinteoirí maidir le bealaí chun cabhrú le daltaí a gcuid scileanna litearthachta agus teanga a fheabhsú trí úsáid na teicneolaíochta, agus bealaí le dul chun cinn na ndaltaí a mheas i dtaca le scileanna litearthachta Gaeilge;
  • comhairle a chur ar na rannpháirtithe i dtaca le féinmheastóireacht scoile agus feabhsú scoile;
  • deis a thabhairt do mhúinteoirí smaointe praiticiúla agus gníomhaíochtaí don seomra ranga a mhalartú lena chéile i bhfóram díospóireachta an chúrsa.

Údar

Is í Deirdre Nic Chárthaigh a scríobh an cúrsa seo, atá bunaithe ar fhíseáin a chuir Lisa Madden le chéile do Ghaelchultúr, i gcomhar le hÉamonn Ó Dónall.

Rugadh agus tógadh Deirdre in Ard Aidhin i mBaile Átha Cliath. D’fhreastail sí ar Choláiste Íosagáin agus bronnadh scoláireacht tríú leibhéal neamhtheoranta na Roinne Oideachais agus Scileanna uirthi i ngeall ar na marcanna is airde sa tír a fháil in ábhair Ardteistiméireachta a rinneadh trí Ghaeilge.

Rinne sí staidéar ar an Nua-Ghaeilge agus ar an Stair i gColáiste na Tríonóide. Ghnóthaigh sí scoláireacht neamhfhondúireachta Choláiste na Tríonóide sa dara bliain, agus d’éirigh léi céad onóracha a bhaint amach sa chéim.

Tá Deirdre ag obair mar Riarthóir Acadúil le Gaelchultúr ó bhí mí Mheán Fómhair 2014 ann agus tá sí ag feidhmiú mar eagarthóir ar Nuachtlitir Ghaelchultúir i láthair na huaire chomh maith.



Ábhar an chúrsa

Modúl 1

  • An tAinmfhocal agus an Aidiacht Uatha

Modúl 2

  • An tAinmfhocal agus an Aidiacht Iolra

Modúl 3

  • Na Réamhfhocail Shimplí

Modúl 4

  • Na Réamhfhocail + An tAlt

Modúl 5

  • Acmhainní teicneolaíochta Gaeilge

Treoir

Leagan amach

Tá cúig mhodúl sa chúrsa seo agus tá meascán d’fhíseáin agus de cheachtanna idirghníomhacha i gceist i ngach ceann acu.

Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat, is féidir leat an cnaipe ‘Seol’ a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil agus tabharfar scór duit.

Ag tús gach modúil, cuirfear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu sa mhodúl sin.

Chun bogadh ó scáileán go scáileán, níl le déanamh agat ach cliceáil ar na saigheada ‘Ar aghaidh’ ar thaobh na láimhe clé (le dul siar) nó ar thaobh na láimhe deise (le dul chun tosaigh). Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail PLEAN AN AONAID ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile sa mhodúl.

Ar an leathanach scoir, tabharfar léargas duit ar an obair a bheidh déanta agat sa mhodúl agus tabharfar scór iomlán duit. Tabharfar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad mhodúl eile, an modúl a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.


Ceisteanna Coitianta

Cathain is féidir liom tús a chur leis an gcúrsa?

Anois díreach! Staidéar neamhspleách, gan aon mhúinteoir, atá i gceist. Mar sin is féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ar do shócúlacht, san oifig nó sa bhaile, ag do luas féin, agus ag am ar bith is mian leat.

Cad a dhéanfaidh mé má tá ceist agam?

Scríobh ar an bhfóram í! Beidh tú in ann dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh ann. Bíonn baill d’fhoireann Ghaelchultúir ar an bhfóram freisin, agus beidh siadsan in ann aon cheisteanna casta a fhreagairt.


Má tá ceist ar bith eile agat, seol ríomhphost chuig eolas@ranganna.com nó glaoigh ar 1890 252 900 nó + 353 (0) 1 484 5220.