Baile

Bunchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile - Scoilbhliain 2014 / 2015

Cén cineál cúrsa é?

in éag Meitheamh 2015
€50.00

Réamhrá

Tábhachtach: Ní bheidh rannpháirtithe an chúrsa seo i dteideal aon laethanta EPV a fháil ar chríochnú an chúrsa dóibh.
Tá an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí. Ní fhéachtar sa chúrsa le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge ach leagtar béim ar na gnéithe is lárnaí di agus ar nithe a thagann chun cinn go minic sa seomra ranga.

Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

Is iad príomhaidhmeanna an chúrsa ná:

  • cabhrú leis na múinteoirí feabhas a chur ar chaighdeán a gcuid Gaeilge trí ghnéithe lárnacha de ghramadach na teanga a mhíniú ar bhealach soiléir, sothuigthe;
  • aird na rannpháirtithe a tharraingt ar thábhacht an chruinnis agus iad a spreagadh leis an méid a fhoghlaimeoidh siad a chur i bhfeidhm sa seomra ranga, rud a rachaidh chun sochair dóibh féin agus dá gcuid daltaí;
  • deis a thabhairt do na múinteoirí smaointe praiticiúla don seomra ranga a mhalartú lena chéile san fhóram díospóireachta.

Údair

Is é Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir agus duine de bhunaitheoirí an chomhlachta, a scríobh ábhar an chúrsa seo. Rinne Helen Hegarty agus Lisa Madden eagarthóireacht ar Bunchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile agus scríobh siad cuid de chleachtaí an chúrsa fosta.


Ábhar an chúrsa

Ní fhéachtar sa chúrsa le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge ach leagtar béim ar na gnéithe is lárnaí di agus ar nithe a thagann chun cinn go minic sa seomra ranga.

Modúl 1

  • Cuid 1: An tAinmfhocal
  • Cuid 2: An Aidiacht

Modúl 2

  • Cuid 1: Réamhfhocail Shimplí / Réamhfhocail Shimplí agus an tAlt
  • Cuid 2: Forainmneacha Pearsanta agus Forainmneacha Réamhfhoclacha

Modúl 3

  • Cuid 1: An Modh Ordaitheach
  • Cuid 2: An Aimsir Chaite
  • Cuid 3: An Aimsir Láithreach
  • Cuid 4: An Aimsir Fháistineach

Modúl 4

  • Cuid 1: Na Bunuimhreacha
  • Cuid 2: Na hUimhreacha Pearsanta / Dátaí agus Orduimhreacha

Modúl 5

  • Cuid 1: Suíomh, Gluaiseacht agus Am
  • Cuid 2: Aidiachtaí Sealbhacha

Treoir

Leagan amach

Tá cúig mhodúl sa chúrsa Bunchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile agus tá meascán de mhíniúchán agus de cheachtanna i gceist i ngach ceann acu. Tar éis duit roinnt rialacha gramadaí a léamh, bíonn deis agat ceachtanna a dhéanamh bunaithe ar na rialacha sin.

Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil duit agus tabharfar scór duit.


Ceisteanna Coitianta

Cathain is féidir liom tús a chur leis an gcúrsa?

Anois díreach! Staidéar neamhspleách, gan aon mhúinteoir, atá i gceist. Mar sin is féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ar do shócúlacht, san oifig nó sa bhaile, ag do luas féin, agus ag am ar bith is mian leat.

Cad a dhéanfaidh mé má tá ceist agam?

Scríobh ar an bhfóram í! Beidh tú in ann dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh ann. Bíonn baill d’fhoireann Ghaelchultúir ar an bhfóram freisin, agus beidh siadsan in ann aon cheisteanna casta a fhreagairt.


Má tá ceist ar bith eile agat, seol ríomhphost chuig eolas@ranganna.com nó glaoigh ar 1890 252 900 nó + 353 (0) 1 484 5220.