Is cúrsa teanga ilmheán do dhaoine fásta é Gaeilge gan Stró! – Beginners Level. Tá sé dírithe ar dhaoine nach ndearna staidéar ar an nGaeilge cheana féin nó nach bhfuil acu ach cúpla focal. Beidh foghlaimeoirí a thabharfaidh faoin gcúrsa ag obair leo féin, neamhspleách ar mhúinteoir.
Is é aidhm an chúrsa ná an mhuinín agus na scileanna teanga a thabhairt d’fhoghlaimeoirí atá ag teastáil chun cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge go laethúil. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tugtar deiseanna don fhoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.
Tá sé mar aidhm ag Gaeilge gan Stró! – Beginners Level cabhrú leis an té a thabharfaidh faoin gcúrsa:
Is é Éamonn Ó Dónaill a scríobh Gaeilge gan Stró! – Beginners Level. Is as Gaeltacht Ghaoth Dobhair ó dhúchas é Éamonn agus tá sé ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta ó bhí 1981 ann. Tá leabhair éagsúla scríofa aige d’fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí, Essential Irish Grammar (2008), Gramadach gan Stró! (2008/2011) agus Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level (2010) ina measc. Tá Éamonn ag obair mar Stiúrthóir Oideachais le Gaelchultúr ó bhí 2005 ann.
Tá Gaeilge gan Stró! – Beginners Level bunaithe ar shiollabas A1, Teastas Eorpach na Gaeilge, agus ar ranganna Ghaelchultúir ag Bonnleibhéal 1 (Cúrsaí A, B agus C). Tá an bhéim ar an gcaint laethúil agus múintear stór focal agus frásaí úsáideacha a chuirfidh ar chumas foghlaimeoirí labhairt fúthu féin agus faoina saol. Tá comhaid fuaime le fáil tríd síos agus, dá bhrí sin, is féidir le foghlaimeoirí éisteacht chomh minic agus is mian leo leis na focail agus frásaí nua atá á múineadh dóibh.
Tá 15 aonad in Gaeilge gan Stró! – Beginners Level, agus tá gach ceann acu dírithe ar thopaic faoi leith. Seo iad na topaicí atá le fáil sa chúrsa:
Tá na gnéithe seo a leanas le fáil i ngach aonad de Gaeilge gan Stró! – Beginners Level:
Na fuaimeanna lárnacha ar cheart do na foghlaimeoirí díriú orthu san aonad áirithe sin.
An ghramadach a bhaineann leis an topaic atá i gceist san aonad. Cuirtear an ghramadach ar fáil i gcomhthéacs agus i bpíosaí beaga, agus seachnaítear téarmaíocht chasta.
Ceithre chomhrá agus aistriúchán Béarla de na comhráite sin. Tá an teanga atá le fáil sna comhráite seo nádúrtha agus dúchasach.
Stór focal lárnach agus frásaí úsáideacha a bhaineann le téama an aonaid.
Réimse leathan de chleachtaí spraíúla atá bunaithe ar an stór focal agus ar an ngramadach atá le fáil san aonad. Tá na cleachtaí scríofa idirghníomhach. Nuair a bhíonn ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe ‘Seol’ a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirtear in iúl duit cad iad na freagraí a bhí ceart agat agus cad iad na freagraí a bhí mícheart agat, cuirtear na freagraí cearta ar fáil duit agus tugtar scór duit. Tá comhaid fuaime leis na cleachtaí béil.
Is í an aidhm atá ag na sleachta seo ná eolas a thabhairt d’fhoghlaimeoirí faoi stair na Gaeilge agus tuiscint níos fearr a thabhairt dóibh mar gheall ar an nGaeilge sa domhan comhaimseartha.
Leideanna áisiúla d’fhoghlaimeoirí faoi bhealaí éifeachtúla foghlama.
Tá réimse cainteoirí Gaeilge le feiceáil sna físeáin atá le fáil sa rannóg seo. Rinneadh an scannánú ar an láthair i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh.
De bhrí gur cúrsa ag an mbonnleibhéal é an cúrsa seo, is i mBéarla atá an chuid is mó de na treoracha agus de na míniúcháin, agus tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann. Tá fotheidil in úsáid anseo is ansiúd, áfach, go háirithe sna cleachtaí. Sa chás sin, is féidir cliceáil ar an gcnaipe ‘Taispeáin Fotheidil’ / ‘Show subtitles’ atá ag barr na leathanach ar dheis chun teacht ar na fotheidil uile ar an leathanach sin. De rogha air sin, is féidir cliceáil ar an gcomhartha suimithe
in aice le haon abairt a bhfuil fotheideal curtha ar fáil di chun teacht ar an bhfotheideal a bhaineann leis an abairt sin amháin.
Tá na ceachtanna scríofa ar fad sa chúrsa idirghníomhach. Nuair a bhíonn ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe ‘Seol’ a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirtear in iúl duit cad iad na freagraí a bhí ceart agat agus cad iad na freagraí a bhí mícheart agat, cuirtear na freagraí cearta ar fáil duit agus tugtar scór duit.
Ag tús gach aonaid, cuirtear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu san aonad sin.
Chun bogadh ó scáileán go scáileán níl le déanamh agat ach an cnaipe a bhrú. Tá sé ar thaobh na láimhe deise, ag barr nó ag bun an scáileáin. Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail ‘PLEAN AN AONAID’ ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile san aonad.
Ar an leathanach scoir, tugtar léargas duit ar an obair atá déanta agat san aonad agus tugtar scór iomlán duit. Tugtar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad aonad eile, an t-aonad a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.
Tá fóram curtha ar fáil don chúrsa Gaeilge gan Stró! – Beginners Level. Tá deis acu siúd atá cláraithe don chúrsa dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leo teachtaireachtaí a sheoladh chuig an bhfóram, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh.
Anois díreach! Staidéar neamhspleách, gan aon mhúinteoir, atá i gceist. Mar sin is féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ar do shócúlacht, san oifig nó sa bhaile, ag do luas féin, agus ag am ar bith is mian leat.
Scríobh ar an bhfóram í! Beidh tú in ann dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh ann. Bíonn baill d’fhoireann Ghaelchultúir ar an bhfóram freisin, agus beidh siadsan in ann aon cheisteanna casta a fhreagairt.