Sample answers: Holidays in Ireland / the Gaeltacht

Anois, beidh seans agat éisteacht le roinnt ceisteanna agus freagraí samplacha a bhaineann le saoire in Éirinn agus sa Ghaeltacht.

1. Déan iarracht na freagraí a léamh os ard ar dtús gan féachaint ar an aistriúchán Béarla. Bí cúramach agus tú ag fuaimniú na litreacha atá i gcló dorcha.
2. Léigh na freagraí an dara huair agus féach ar an aistriúchán Béarla i gcás na leaganacha nach dtuigfidh tú.
3. Éist leis an taifeadadh ansin agus bí ag léamh na bhfreagraí ag an am céanna.
4. Tar éis duit éisteacht leis cúpla uair, abair na focail ansin ag an am céanna leis an duine ar an taifeadadh. Ná stop an taifeadadh agus é seo á dhéanamh agat.

Freagra samplach 1

Agallóir:An ndéanann tú mórán taistil, a Nuala?
Nuala:dhéanaim, ar an drochuair. Tá páistí óga agam agus tá sé ródheacair dul ar thurais fhada leo. Ach táimid tar éis cuairt a thabhairt ar go leor áiteanna in Éirinn.
Agallóir:Téann tú ar laethanta saoire in Éirinn go minic, mar sin.
Nuala:Téann. Téim féin, m’fhear céile agus mo pháistí ar saoire in Éirinn gach samhradh. Faighimid teach ar cíos, nó fanaimid i láithreán campála. Téimid ag siúl, ag rothaíocht nó ag iascaireacht, agus má bhíonn an aimsir go dona, imrímid cártaí.
Agallóir:Cén tír ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi amach anseo?
Nuala:Ba bhreá liom dul go dtí an Téalainn. Tá go leor cloiste agam fúithi, mar bhí mo dheartháir ag obair ann mar mhúinteoir Béarla ar feadh bliana. Dúirt sé go bhfuil cultúr na tíre an‑suimiúil agus go bhfuil an bia an‑bhlasta. B’fhéidir go rachaimis ann nuair a bheidh na páistí níos sine.

Freagra samplach 2

Agallóir:Tá an Ghaeilge ar do thoil agat, a Éanna! An raibh tú sa Ghaeltacht riamh?
Éanna:Bhí. Tá mé ag dul go Gaeltacht Ghleann Cholm Cille gach samhradh le cúig bliana anuas. Bainim an‑sult go deo as, agus tá sé ar intinn agam dul ar ais ann arís i mbliana.
Agallóir:An bhfreastalaíonn tú ar chúrsaí agus tú ansin?
Éanna:Freastalaíonn. Cuireann Oideas Gael réimse leathan cúrsaí ar fáil, agus tá siad an-mhaith ar fad. Tá cúrsa cócaireachta, cúrsa ealaíne, agus cúrsa siúil sléibhe déanta agam go dtí seo, agus iad ar fad trí mheán na Gaeilge.
Agallóir:D’fhoghlaim tú roinnt mhaith Gaeilge agus tú ansin, mar sin.
Éanna:D’fhoghlaim, cinnte. Tháinig feabhas ollmhór ar mo chuid Gaeilge agus tá i bhfad níos mó muiníne agam anois agus mé ag labhairt na teanga.
Agallóir:Ar chuir tú aithne ar mhórán daoine?
Éanna:Chuir, agus anois tá cairde agam ó cheann ceann na tíre. Is iontach an rud é!
Sample answers: Holidays in Ireland / the Gaeltacht