Gaeilge gan Stró! - Beginners Level - Sample Unit

Fáilte chuig Gaeilge gan Stró! – Beginners Level
Welcome to Gaeilge gan Stró! – Beginners Level

Thank you for taking the time to try this sample unit – we hope you find the experience enjoyable and rewarding.

Go raibh maith agat as triail a bhaint as an aonad samplach seo – tá súil againn go mbainfidh tú tairbhe agus taitneamh as.

As this course is aimed at beginners, most of the explanations and instructions are in English, and each sentence in Irish is translated into English. Subtitles are used occasionally, particularly in the exercises. Where subtitles are provided, you can click on the ‘Taispeáin Fotheidil’ / ‘Show Subtitles’ button in the top right-hand corner of the screen to access all the subtitles on that page. Alternatively, you can click on the plus sign beside individual sentences to see the subtitles for that sentence alone.

Mar gheall gur cúrsa ag an mbonnleibhéal é an cúrsa seo, is i mBéarla atá an chuid is mó de na treoracha agus de na míniúcháin, agus tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann. Tá fotheidil in úsáid anseo is ansiúd, áfach, go háirithe sna cleachtaí. Sa chás sin, is féidir cliceáil ar an gcnaipe ‘Taispeáin Fotheidil’ / ‘Show subtitles’ atá ag barr na leathanach ar dheis chun teacht ar na fotheidil uile ar an leathanach sin. De rogha air sin, is féidir cliceáil ar an gcomhartha suimithe in aice le haon abairt a bhfuil fotheidil curtha ar fáil di chun teacht ar na fotheidil a bhaineann leis an abairt sin amháin.

To move through the unit, simply click on the arrows Ar aghaidh which are at the top and bottom of every page.

Chun bogadh tríd an aonad, níl le déanamh agat ach cliceáil ar na saigheada Ar aghaidh atá ag barr agus ag bun gach leathanaigh.

We would love to hear from you, so please send us an e-mail, write a message in the forum, call us or send us a letter.

Ba bhreá linn cloisteáil uait, mar sin seol ríomhphost chugainn, le do thoil, scríobh teachtaireacht ar an bhfóram, glaoigh orainn nó seol litir chugainn.

Best regards,

Le dea-mhéin,

The Gaelchultúr Team

Foireann Ghaelchultúir

Gaeilge gan Stró! - Beginners Level - Sample Unit